Iascaireacht

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue go raibh cruinnithe maithe inné ag Coimisinéir Iascaigh an Aontais Eorpaigh, Virginijus Sinkevicius sna Cealla Beaga tráthnóna inné.

Ghabh an tAire McConalogue buíochas le ionadaithe ón earnáil iascaireachta a chas leis an Choimisinéir inné, agus a rinne cur i láthair dó ar na dúshláin atá ag an earnáil faoi láthair.

Bhí bliain go leith iontach dhúshlánach ag an tír ar fad agus ag an earnáil, a dúirt an tAire agus dúirt sé go raibh tionchar mór ag Brexit ar an earnáil. T

ugadh léargas shoiléir don Choimisinéir ar na dúshláin ar fad atá roimh lucht iascaireachta na tíre, agus cad atá ag teastáil don todhchaí, a dúirt an tAire McConalogue.

Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh roimhe go mbeadh achan dream ag obair lena chéile agus na deiseanna ar fad a thapú ar mhaithe leis an earnáil, a bhfuil pobail cois cósta na tíre ag brath go mór air, a dúirt an tAire McConalogue.

Trálaer úr

Cuirfear go mór le eacnamaíocht na gCealla Beaga agus conradh faighte ag comhlacht Mooney Boats le trálaer úr nua iascaireachta a thógáil ag a mbád chlós sna Cealla Beaga, a deir an Comhlacht.

Tá conradh faighte ag Mooney Boats chun trálaer 27.3 méadar ar fhad a thógáil ag an bhád chlós sna Cealla Beaga, do chomhlacht Barrack Point Enterprises Teoranta as Corcaigh.

Beidh an bád úr, an Wave Crest, críochnaithe go hiomlán sa bhliain 2023. Sé comhlacht Barry Electronics atá lonnaithe sna Cealla Beaga fosta a bheas ag déanamh an obair leictreonach ar an bhád úr, agus sé comhlacht Sea Quest Systems sna Cealla Beaga a chuirfidh an trealamh deic ar fáil don bhád úr.

Fuair Sea Quest Systems conradh úr fosta chun trealamh deic a chur ar fáil do thrálaer úr eile atá a tógáil sa Danmhairg.

Lánaí druidte

Tá cuid mhór gearáin faoin mhoill atá ag baint leis an obair atá ar bun ag Fox Construction do Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an phríomh bhealach isteach go Leitir Ceanainn, a dúirt an Comhairleoir Contae Dónal Coyle.

Tá ceithre lána tráchta a fhorbairt ó thimpeallán an Dry Arch go timpeallán An Pole Star, chomh maith le cosán coise agus cosán rothaíochta , obair atá ar siúl le trí mhí.

Ón tseachtain seo tá obair ar bun ar an bhealach san oíche, rud a chiallaíonn go bhfuil dhá lána den bhealach druidte ón 7.00 san oíche go dtí'n 7.00 ar maidin agus níl ach lána amháin oscailte idir na hamannta sin.

Measann an Comhairleoir Coyle go gcuirfear tús leis an obair le droichead a thógáil trasna Abhainn na Súilí sa bhliain 2024, agus dúirt se go bhfuil géar ghá leis an dara droichead, le feabhas a chur ar chúrsaí tráchta i Leitir Ceanainn.

Tuarasatail céimithe

Tá céimithe ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ar na céimithe is lú a n-íoctar tuarastal seo sa tír faoi láthair.

Léiríonn taighde a rinne an tÚdarás um Ard Oideachais gur céimithe de chuid LYIT is lú a fhaigheann tuarastail, ceithre bliana i ndiaidh daofa a gcáilíochtaí a bhaint amach.

Sé meán pháighe de €501 atá a fháil sa tseachtain ag céimithe Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, ceithre bliana i ndiaidh a gcáilíochtaí a bhaint amach.

Is iad céimithe Choláiste na Trionóide is mó a n-íoctar páighe leo, ar an mheán €712 sa tseachtain.

Gadaíocht

Tháinig laghdú ar líon na n-eachtraí gadaíochta i nDún na nGall i mbliana, de réir figiúirí a tugadh ag cruinniú de Chomh Choiste Póilíneachta Dhún na nGall.

Bunaithe ar fhigiúirí suas go dtí'n dara lá de Mhí Mheán an Fhómhair, bhí laghdú de 38% ar líon na n-eachtraí gadaíochta sa chontae i gcomparáid leis an tréimhse céanna anuraidh.

Bhí laghdú de 55% ar bhuirgléireacht ó thithe cónaithe, laghdú de 33% ar ghoid ó shiopaí, agus laghdú de 29% ar eachtraí inár goideadh maoin ó charranna.

Ba i Leitir Ceanainn a ba mhó a tharlaí eachtraí gadaíochta i mbliana.

Dúirt na Gardaí go raibh tionchar ollmhór ag srianta na géarchéime sláinte ar staitisticí choiriúlachta i mbliana, mar gheall go raibh gnónna druidte agus daoine ag fanacht sa bhaile.

CLG


Tá dhá chumann de chuid an CLG i nDún na nGall a fuair deontas €1,000 ó Ghlór na Gael faoi scéim Teanga Tí.

Ceadaíodh €1,000 de dheontas do dhá cheann déag de chumainn, san áireamh tá Beart agus Naomh Columba.

Sé'n aidhm atá le scéim Teanga Tí ná an Ghaeilge a fhorbairt i measc teaghlaigh an chumainn le go mbeidh an Ghaeilge mar theanga baile ag na teaghlaigh sin.

Tá an scéim seo ag eascairt ó chomhfhiontar idir an Cumann Lúthchleas Gael agus Glór na Gael le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Donncha.