Covid-19

Tá méadú suntasach ar líon na ndaoine a d'fhreastail ar ionaid tástála i nDún na nGall le roinnt seachtainí, a thug Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte le fios.

Rinneadh chóir a bheith 5,500 tástáil Covid 19 in ionaid tástála i nDún na nGall le seachtain bunaithe ar fhigiúirí suas go dtí'n Luan an 12ú de mhí Mheán Fómhair.

Tá trí othar agus fiche leis an víreas Covid 19 in Otharlann Leitir Ceanainn inniu.

Sin an tríú líon is airde d'othair leis an víreas Covid 19 in otharlanna na tíre, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

Drochbholadh

Caithfear réiteach a fhail ar an drochbholadh atá i gceantar Ard a Ratha a dúirt an Comhairleoir Condae Anthony Molloy.

Dúirt sé ag cruinniú an tseachtain seo go bhfuil an droch bholadh ag cur isteach go mór ar ghnónna agus ar úinéirí tí agus go bhfuil lucht gnó i dteagmháil go rialta leis agus ag impí air brú a chuir ar Uisce Éireann réiteach a fhail ar an fhadhb.

Sseirbhísí aeir

Socraíodh ag cruinniú an tseachtain seo go ndéanfadh Comhairle Condae Dhún na nGall teagmháil leis an Aire Iompar Éamonn Ryan maidir le seirbhísí aeir idir Dún na nGall agus Glaschú.

D'fhógair Comhlacht Loganair go mbeadh siad ag cur deireadh lena gcuid seirbhísí ag deireadh na míosa seo chugainn agus dúirt Comhairleoirí Condae i gceantar Bardais na nGleanntach gur buille trom atá anseo don cheantar agus go bhfuil sé tábhachtach aerlíne eile a aimsiú le leanstan leis na seirbhísí.

Marc MacSharry

Tá Teachta Dála Fhianna Fáil Marc MacSharry éirí as Páirtí Pairliminte Fhianna Fáil i ndiaidh do tacú leis an rúin mí-mhuiníne san Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveny sa Dáil tráthnóna inné.

Marc McSharry in Theachta Dála i ndáilcheantar dheisceart Dhún na nGall a chludaíonn ceanntracha Dhún na nGall Theas, Shligigh, Liatroma agus Ros Comáin Thuaidh.

Íocaíochtaí

Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta Bia agus Mara Charlie McConalogue roimh an scéala go bhfuil tús curtha an tseachtain seo leis na híocaíochtaí do fheirmeoirí Dhún na nGall faoi scéim na Limistéar Faoi Shrianta Nádúrtha.

Tá thara Sé Mhilliún déag Euro (€16m) a íoc le feirmeoirí sa Chondae faoin scéim agus tá 8,684 Feirmeoir sa Chondae cláraithe faoin scéim.

Fiadhúlra

Tá rabhadh a thabhairt ag Coimisiún Fia na hÉireann do thiománaithe a bheith ar a n-airdeall faoin líon ard carrfhiacha atá ar bhóithre ar fud na Condae fan ama seo bliana.

Dúirt Damien Hannigan ó Choimisiún Fia na hÉireann gur seo séasúr na reitíochta dona hainmhithe seo agus go bhfuil Condae Dhún na nGall ar cheann dena Condaetha is measa do thaismí bóthar le linn séasúr na reithíochta.