Míoca

Deir Grúpa Gníomhaíochta Míoca go mbeidh an Aoine seo cinniúnach ó thaobh dul chun cinn an fheachtais ar son úinéirí tí a bhfuil na brící lochtacha Míoca ina dtithe.

Dhéanfaidh an Grúpa Oibre ar na Brící Lochtacha a gcur i láthair deireanach don Aire Tithíochta Darragh O'Brien roimh dheireadh na seachtaine.

Dúirt Eileen Doherty, Oifigeach Caidrimh Poiblí leis an ghrúpa agus ball den Ghrúpa Oibre go gcuirfidh na húinéirí tí le Míoca ar an ghrúpa oibre a gcuid moltaí os comhair an phobail ar an Aoine seo.

Tá an grúpa seo ag obair go crua le míonna ag iarraidh cás na n-úinéirí tí a bhrú, a dúirt Eileen Doherty, agus is faoin Rialtas atá sé anois an gníomh a dhéanamh ar son an phobail, a deir sí.

Pointí pionóis

Tá chor a bheith 13,000 tiománaí i nDún na nGall a bhfuil pointí pionóis acu ar a gceadúnas tiomána faoi láthair.

Do réir tuairisce ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, bhí pointí pionóis ag 12,891 tiománaí i nDún na nGall ag deireadh mí Lúnasa.

Sin méadú de 500 tiománaí ó mí Mhárta na bliana seo. Tá 20 tiománaí sa chontae a bhfuil bac tiomána sé mhí orthu faoi láthair de bharr an uasmhéid de dhá phointe dhéag a bheith acu.

Tá 12 tiománaí eile le 11 pointe pionóis faoi láthair i nDún na nGall.

Fuair thar 9,000 tiománaí sa chontae pointí pionóis de bharr barraíocht luais agus fuair 1,838 tiománaí pointí de bharr úsáid fón póca agus iad ag tiomáint.

Léirítear go bhfuil chor a bheith 500 tiománaí i nDún na nGall a bhfuil pointí acu faoi láthair de bharr gan crios sábhála a chaitheamh acu.

Institiúid Teicneolaíochta

Deir Aontas na Mac Léinn in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn go bhfuil siad go mór faoi bhrú le seachtain, ag iarraidh cuidiú le daltaí lóistín a fháil sa bhaile.

Deir an tAontas go bhfuil ganntanas mór lóistín sa bhaile ag cruthú go leor fadhbanna, agus 5,000 mac léinn cláraithe don bhliain acadúil reatha.

Tá sé deacair i gcónaí i Leitir Ceanainn de bharr nach bhfuil aon lóistín ar fáil ar an champas féin, a deir siad.

Rinne Aontas na Mac Léinn achainí ar dhaoine i Leitir Ceanainn tithe a chur ar fáil le ligean ar cíos, de bharr an oiread dena mic léinn nach bhfuil lóistín acu go fóill.

Daoine le míchumas

Tá gearáin ó eagraíochtaí atá ag gníomhú do dhaoine le míchumas agus eagraíochtaí sábháilteacht bóthair faoin tionchar atá ag e scútair ar cheantair uirbeacha ar nós Leitir Ceanainn.

Deir siad go bhfuil méadú mór i líon na e-scútair atá timpeall Leitir Ceanainn le tamall, agus go gcuireann siad isteach ar dhaoine ag siúl ar chosáin coise sa bhaile ar ar thrácht go ginearálta.

Deir Claire Cronin ó Chomhnaidhm Míchumas na hÉireann nár cheart na gléasanna seo a úsáid ar chosáin coise, rud atá ag tarlú go mór, a dúirt sí.

Tá neamhaird iomlán a dhéanamh do choisithe, do dhaoine aosta, do dhaoine le míchumas agus do thrácht go ginearálta, a dúirt sí.

Deir sí go bhfuil contúirt ag baint leo seo a bheith ag taisteal ar chosáin coise, agus tá sé in éadan an dlí fosta, a dúirt sí.

Sinn Féin

Caithfear díriú ar chúrsaí sláinte, bonnegair, leathanbhanda agus Míoca, i measc ábhair eile, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh, agus é ag tagairt de cheisteanna a bheas a dtógáil aige sa Dáil an téarma seo, agus an Dáil ag pilleadh amárach i ndiaidh saoire an tsamhraidh.

Dúirt sé gur Míoca an cheist is tromchúisigh agus go mbeidh achan iarracht ar bun aige cinntiú go bhfaighfí 100% cúiteamh.

Dúirt sé fosta nach raibh rudaí chomh holc riamh agus atá anois in Otharlann Leitir Ceanainn, áit a bhfuil ganntanas mór spáis agus foirne agus go bhfuil plean de dhíth go práinneach le ghabhail i ngleic leis na fadhbanna.

Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh go gcaithfidh an Rialtas tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa chontae le feabhas a chur ar bhóithre agus soláthar leathanbhanda.

Coiste Cheantar Bardais

Beidh cruinniú ag Coiste Cheantar Bardais Leitir Ceanainn/ Bhaile na nGallóglach den Chomhairle Contae in Ionad Fóillíochta an Aura i Leitir Ceanainn inniu.

Bhíodh na cruinnithe a reáchtáil san Ionad Seirbhísí Poiblí i Leitir Ceanainn roimh na géarchéime, ach dúirt Cathaoirleach an Choiste an Comhairleoir Jimmy Kavanagh gur socraíodh cruinniú an lae inniu a reáchtáil san Aura mar go bhfuil níos mo spáis ansin agus go mbeidh siad in ann cloí le scaradh sóisialta.

Dúirt sé gur ábhar faoisimh nach mbeidh an cruinniú ar líne, agus go bhfuil sé dóchasach go mbeidh siad ábalta níos mó dul chun cinn a dhéanamh nuair a bheas na Comhairleoirí agus na feidhmeannaigh uilig ábalta a theacht le chéile.

Leanfaidh na cruinnithe i gceantracha Bardais na nGleanntach, Dhún na nGall, Srath an Urláir agus Leifear ar líne inniu.

Tugadh le fios gur shábháil an Comhairle Contae €420,000 le bliain mar go raibh na cruinnithe ar líne.

Páirtí Aontachtach Uladh

Tá Páirtí Aontachtach Uladh ag iarraidh ar an Eaglais Chaitliceach cúiteamh a chur ar fáil do theaghlaigh a d'fhulaing i mbuamáil ar an Chlóidigh i nDoire , mar gheall ar an bhaint a líomhnaítear a bhí ag sagart san ionsaí.

Cuireadh an tAthair James Chesney ó pharóiste i nDoire go paróiste i Rath Bhotha agus ansin go baile Mhálanna i 1973 i ndiaidh buamáil an Chlóidigh , a tharla i 1972.

Dúradh i dtuarascáil ó Ombudsman na bpóilíní faoin bhuamáil i 2010 go raibh amhras go raibh baint ag an tAthair Chesney leis an ionsaí agus gur bhog an Eaglais Chaitliceach é go Dún na nGall le seo a cheilt.

Maraíodh naonúr sa bhuamáil agus fuair an tAthair Chesney bás i 1980, gan cúiseanna ar bith a bheith curtha ina leith.

Dúirt Páirtí Aontachtach Uladh an tseachtain seo gur cheart don Eaglais cúiteamh a íoc le teaghlaigh na marbh as an ról a líomhnaítear a bhí ag an tAthair Chesney san ionsaí agus as é a bhogadh thar teorann go Dún na nGall i ndiaidh na buamála.