Ceapachán nua

Tá sé fógraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil Damien Ó Dónaill ceaptha mar Bhainisteoir Réigiún an Tuaiscirt don tseirbhís.

Is as Rann na Feirste do Damien, agus ba le tráchtaireacht spóirt a thosaigh sé i mbun a ghairm mar chraoltóir leis an raidió sa bhliain 2014.

Rachaidh Damien Ó Dónaill i mbun dualgais mar Bhainisteoir Réigiún an Tuaiscirt gan mhoill.

Tagann sé i gcomharbacht ar Edel Ní Chuireáin atá ag éirí as a post i ndiaidh ocht mbliana déag agus fiche leis an tseirbhís.

Covid-19

Triúr déag leis an víreas Covid-19 a bhí ag fáil cóir leighis in Otharlann Leitir Ceanainn aréir, laghdú do bheirt ar an lá roimhe sin, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

Agus tá srianta i bhfeidhm ar chuairteoirí i roinnt bhardaí in Otharlann Shligigh ar feadh seachtaine ón lá inniu ar aghaidh mar gheall ar ráig den víreas a bheith san Otharlann.

Gaelscoil

Lorg Bord Bainistíochta Ghaelscoil Cois Feabhail i mBun an Phobail tairiscintí ó chonraitheoirí le gairid le foirgneamh buan a thógáil don scoil.

Tá an Ghaelscoil lonnaithe i gclubtheach CLG Bhun an Phobail ó bunaíodh an scoil sa bhliain 2000, agus tá 87 dalta ag freastal ar an Ghaelscoil faoi láthair.

Carranna úra

Bhí méadú de chor a bheith 18% sna carranna úra a cláraíodh i nDún na nGall i mí Lúnasa i mbliana i gcomparáid le Lúnasa anuraidh, agus tá méadú 17% sna carranna úra a cláraíodh sa chontae san chéad ocht mí den bhliain.

Rinneadh 171 carr úr nua a chlárú i nDún na nGall i mí Lúnasa i mbliana, méadú ó 145 i mí Lúnasa anuraidh, méadú 17.9%.

Eastáit neamhchríochnaithe

Tá an tríú ráta is airde sa tír de eastáit tithíochta neamhchríochnaithe i gContae Dhún na nGall.

Bhí 28 eastát tithíochta neamhchríochnaithe sa chontae i 2017, ach laghdaigh sé sin go seacht gcinn déag ag deireadh na bliana anuraidh.

Sin do réir suirbhé a rinne an Roinn Tithíochta i gcomhair leis na húdaráis áitiúil ar fud na tíre.

Uisce Éireann

D'aontaigh Uisce Éireann go mbeadh cead a thabhairt acu don chomhlacht tógála Roarty Development ceangal le togra píolótach séarachais do cheantar Ghaoth Dobhair, do fhorbairt tithíochta atá beartaithe acu sa cheantar.

Tá sé i gceist chor a bheith 30 aonad tithíochta a thógáil ar shuíomh Ard Scoil Mhuire i Machaire Chlochair i nGaoth Dobhair.

Dealz

Tá sé i gceist ag comhlachtaí sladmhargaidh Dealz cur lena ngnó i nDún na nGall, mar pháirt de infheistíocht bhreise de €20m atá beartaithe ag an chomhlacht go ceann trí bliana.

Deir Dealz go mbeidh 500 post breise a chruthú acu agus an infheistíocht bhreise seo curtha i gcrích acu.