Vacsaín

Tá Contaetha Dhún na nGall agus Mhuineacháin i measc na gContaetha is lú sa tír ina bhfuair daoine an Vacsaín in éadan Covid-19, de réir tuairisce a foilsíodh inniu.

De réir na tuairisce léirítear go bhfuil an vacsaín faighte ag 83.5% do dhaoine thar ocht mbliana déag d'aois i gContae Dhún na nGall, an dara líon is ísle sa tír, in ainneoin go bhfuil an dara ráta is airde de chásanna den víreas Covid 19 i nDún na nGall.

1,159 cas in achan 100,000 duine an ráta cásanna atá i nDún na nGall faoi láthair, an dara ráta is airde sa tír, i ndiaidh Contae Mhuineacháin, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta de 524.9.

Dheimhnigh Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte an tseachtain seo go go bhfuil feachtas ar bun leis an vacsaín a thabhairt do dhaoine i gceantracha ina bhfuil leibhéal ísle den vacsaín faighte ag daoine.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá cúigear déag leis an víreas Covid-19 ag fáil cóir leighis in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair, laghdú de cheathrar ar an lá roimhe sin, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

Othar amháin leis an Víreas Covid 19 atá ag fáil cóir leighis in Aonad Dian na hotharlainne faoi láthair. Bhí 5 ghnáth leabaí folamh san otharlann ag a 8.00 aréir agus dhá leabaí a bhí folamh san Aonad Dianchúraim, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a foilsíodh.

Seirbhís aeir

Tá na doiciméid tairisceana foilsithe ag an Roinn Iompair do aerlínte do chornadh seirbhíse poiblí idir Aerfort Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath don tréimhse 2022-2026.

Conradh trí bliana atá i gceist ón 26ú Feabhra 2022 ach tá deis cur leis an chornadh ar feadh bliain amháin eile, ag brath ar athbhreithniú sásúil i ndiaidh an tríú bliain den chonradh.

Níl deis ag aerlínte ón Breatain cur isteach ar an chonradh, mar go luaitear go sonrach go gcaithfidh téastas deimhniú aer oibreora de chuid na hÉireann nó na hEorpa a chur ar fáil don chonradh seo.

Tá coinníoll leagtha síos gur eitealán le ar a laghad 30 suíochán atá ag teastáil don tseirbhís, do dhá thuras fillte sa lá go Baile Átha Cliath.

Grúpa Forbartha Pobail

Tá fáilte curtha ag Grúpa Forbartha Pobail na nGleanntach roimh mhaoiniú breise ó Bhonneagair Iompair Éireann leis an obair a chríochnú ar na cosáin coise ar phríomh shráid na nGleanntach.

Deir an grúpa gur féidir mórchuid den obair ar an togra seo a chríochnú i mbliana, leis an mhaoiniú breise seo atá ar fáil ó Bhonneagair Iompair Éireann.

Ceadaíodh maoiniú cheana féin le dromchla úr a chur ar an phríomh shráid sna Gleannta, agus beidh sé sin a dhéanamh i Mí na Samhna.

Tine

Tá sé curtha in úl ag Preasoifig na nGardaí maidin inniu go bhfuil fiosrúchán ar bun maidir le tine a tharla ag teach i Rath Mealtáin aréir.

Bhí na seirbhísí éigeandála agus na Gardaí ar an láthair aréir agus arís ar maidin inniu agus tá scrúduithe le déanamh ar an láthair anois le cúis na tine a aimsiú.

Níor gortaíodh duine ar bith san eachtra agus tá na Gardaí ag leanstán lena bhfiosrúcháin.

Gradaim chumarsáide

Fógraíodh gearrliosta ghradaim chumarsáide Oireachtas na Gaeilge inniu.

Tá ainmniúchán faighte ag an chlár Barrscéalta a chuireann Michelle Nic Grianna i láthair sna Doirí Beaga agus a bhíonn a léiriú ag Dónall Mac Ruairí, do Shraith Raidió na Bliana.

Tá ainmniúcháin faighte chomh maith ag Michelle Nic Grianna agus Aine Ní Bhreisleáin do ghradam do Chraoltóir Só labhartha na Bliana.

Bronnfar na gradaim ag ócáid fhíorúil ar an 27ú lá do Mhí Dheireadh Fómhair.