Fuinneamh inathnuaite

Má éiríonn le togra atá ar bun ag comhlacht fuinnimh inathnuaite i gConamara beidh siad in ann breosla hidrigine a chur ar fáil d'fheicthilí, a dúirt an Teachta Dála Éamonn Ó Cuív.

Tá tástálacha a ndéanamh faoi lathair lena fháil amach an mbeadh na muilte gaoithe atá ar pháirc gaoithe na Gaillimhe in ann fuinneamh hidrigin a ghinniúint.

Bheadh an fuinneamh seo a ghiniúint nuair nach mbeadh aon éileamh ar fhuinneamh leictreachas ón bpáirc. Tá deis iontach anseo, a dúirt an Teachta Ó Cuív.

Cuarbhóthar na Gaillimhe

Dúirt an Teachta Dála Éamonn Ó Cuív go bhfuil sé fhéin thar a bheith díomách go bhfuil an tuilleadh moille curtha ar an gcinneadh faoi chuarbhóthar na Gaillimhe.

Tá sé ag cur isteach go mór ar an bpobal taobh thiar den Choirib nach bhfuil cinneadh déanta faoin mbóthair seo a dúirt an Teachta O Cuív.

Le seirbhísí cearta poiblí a chur ar fáil i gcathair na Gaillimhe caithfear an trácht atá ag dul tríd an gCathair a laghdú agus forbairt a dhéanamh ar bhealaí eile iompar nuair a bheas sé sin déanta a dúirt sé.

Maoiniú

Dúirt an Comhairleoir Contae Daithí Ó Cualáin go bhfuil sé ag iarraidh soiléiriú ó fheidhmeannaigh shinsearacha sa gComhairle Contae cén fáth nach bhfuil aon mhaoiniú curtha ar fáil don le obair a dhéanamh ar bhailte An Spidéil, na Ceathrú Rua, Bhearna nó Charna faoin scéim a fógraíodh le gairid.

Tá 7 milliúin euro curtha ar fáil ag an Rialtas faoin scéim agus tá 6 bhaile ar fud an Chontae na Gaillimhe go bhfuil maoiniú tugtha dhoibh Uachtar Ard ina measc ach níl ceann ar bith sa nGaeltacht, a dúirt sé.

Cuirfear an maoiniú seo ar fáil le slacht agus obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar na bailte a dúirt an Comhairleoir Ó Cualáin.

Tá go leor den na bailte céanna ag fáil an mhaoiniú i gcónaí agus is beag trácht atá ar na bailte eile a duirt sé.