Athimirt idir Naomh Conaill & Cill Chartha

Socraíodh aréir ag cruinniú de Choiste Riaracháin na gCluichí de Chumann Lúthchleas Gael Dhún na nGall go mbeadh athimirt ann de chluiche ceannais 2020 sa pheil sinsear idir Naomh Conaill agus Cill Chartha, i ndiaidh do Chill Chartha gearán a dhéanamh maidir leis an méid ionadaithe a d'úsáid Naomh Conaill in am breise. Rialaigh Coiste Riaracháin na gCluichí gur chóir go mbeadh athimirt ann den chluiche ceannais, ach níl data ar bith socraithe go fóill, mar go dtiocfadh le achomharc a bheith déanta ar a gcinneadh.
Tá craobh na bliana 2021 le toiseacht ar an taonú lá déag de Mheán Fómhair.

Bás an Chomhairleora Bernard McGuinness

Bhain bás an Chomhairleora Contae Bernard McGuinness ó pháirtí Fhine Gael, oíche Shathairn, stangadh as pobal Inis Eoghain, a dúirt an t-Iar Aire Rialtais, Donnchadh Mac Fhionnghaile. Dúirt sé go raibh seirbhís fhada tugtha ag Bernard McGuinness do phobal Inis Eoghain le thar dhá scór bliain mar Chomhairleoir Contae. Dúirt sé go raibh aithne mhór agus meas mór ar Bernard McGuinness, mar Chomhairleoir Contae agus mar fhear gnó, agus é i mbun tábhairne agus siopa i gCúl Dabhcha le blianta.

Imeachtaí Beo

Casfaidh an ceoltóir as Caisleán na Finne Matt Mc Granaghan leis an Taoiseach Micheal Martin, an Tánaiste Leo Varadkar, agus an tAire Cultúir Catherine Martin inniu le plé a dhéanamh ar earnáil na siamsaíochta agus an tábhacht cead a thabhairt coirmeacha ceoil agus imeachtaí eile a reáchtáil amuigh faoin aer.
Dúirt sé go bhfuil an tionscal buailte go holc agus go gcaithfear cead a thabhairt daofa leanstán lena slí beatha agus dáta don oscailt a fhógairt inniu.

Covid-19

Seacht n-othar agus fiche leis an víreas Covid19 a bhí in Otharlann Leitir Ceanainn ag an 8 a chlog aréir, de réir na bhfigiúirí is deireanaí. Dhá othar leis an Víreas Covid 19 a bhí ag fáil comhar leighis in Aonad Dian Chúram na hotharlainne aréir.

Feachtas Bailiúcháin Airgid

Tá feachtas bailiúcháin airgid bunaithe le hairgead a bhailiú do Theach Pobail Naomh Cróna ar Oileán Árainn Mhór. Os rud é nach raibh cead ag an phobal iomlán freastal ar Aifrinn agus ar sheirbhísí ó Marta 2020, tá titim mór ar theacht isteach an Tigh Pobail. Tá leathanach Go Fund mé bunaithe don chúis.

Cinneadh maidir le Bainisteoir Fhoireann Dhún na nGall

Beidh cinneadh á dhéanamh maidir le bainisteoir ar fhoireann sinsear peile Dhún na nGall don chéad bhliain eile ag Coiste Contae CLG Dhún na nGall anocht. Ag cruinniú de Choiste na Contae ar an tseachtain seo chuaigh thart, cuireadh in iúl go raibh suim léirithe ag Declan Ó Cnáimhsí, a bhfuil ceithre bliana caite aige i mbun an phoist sin, bliain eile a dhéanamh mar bhainisteoir.

Rith sa Pháirc

Tá fógra eisithe ag Cumann Parkrun an Fhál Carraigh mbeidh tús a chur in athuair leis an imeacht sheachtainiúil i mBaile Chonaill. Dúirt siad go bhfuil suas le 500 duine ceadaithe ag imeachtaí taobh amuigh anois de réir rialacha an Rialtais, agus mar sin go mbeidh parkrun an Fhál Carraigh ag toiseacht arís ar an t-aonú lá déag de Mheán Fómhair ag a 9.30 ar maidin.