Báid Iascaigh ón Iasacht
Tá miniú agus soiléiriú ag teastáil maidir le figiúirí nó easpa figiúirí atá eisithe ag Roinn na Mara le deanaí maidir leis an méid éisc a thug báid iasachta i dtír i gcalafort Dhaingean Uí Chúis anuraidh a dúirt Roibeard Ó Brosnacháin Sinn Fein ón nDaingean le Nuacht an Deiscirt.

Feirmeoirí Beaga

Beidh deireadh sara fada le feirmeoirí beaga mairteola mar ná beidh siad ábalta a gcostaisí a sheasamh muna dtiocfaidh an Rialtas i gcabhair orthu a deir an feirmeoir Micheál ó Cinnéide ó Bhaile na bPoc.