Seirbhís aeir

Tá suim faoi leith a chur ag daoine san eitleán Fokker-50 atá a úsáid ag Amapola ar sheirbhís aeir idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath, agus daoine ó pháirteanna éagsúla den tír agus ó thar lear ag déanamh turais fillte lena feiceáil.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall Éilis Ní Dhochartaigh gur ábhar mór iontais daofa líon na ndaoine a thagann go Dún na nGall ar thuras fillte, ar mhaithe le eitilt ar an Fokker-50.

Dáileog bhreise

Deir an Dr Ciarán Ó Fearraigh, atá lonnaithe i Srath an Urláir, go bhfuil sé dóchasach go nglacfaidh daoine leis an dáileog bhreise den vacsaín in éadan Covid 19 má bhíonn gá leis .

Dúirt se go raibh éileamh an -mhór ar an vacsaín féin agus measann sé go mbeidh daoine sásta an daileog bhreise a ghlacadh chomh maith

Duirt sé go mbeadh sé ina chuidiú da mbeadh an daileog bhreise a thabhairt amach ag doctúirí agus poitigéirí ag an am ceanna leis an vacsaín in eadan an fliú an gheimhridh.

Ionad vacsaínithe

Chaith Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte €225,000 ag cur ionad vacsaínithe Leitir Ceanainn san Institiúid Teicneolaíochta i Leitir Ceanainn in oiriúint mar ionad vacsaínithe.

San áireamh tá costais a bhaineann le obair thógála a rinneadh ar an láthair agus trealamh a fuaireas ar cíos don ionad.

Tá síniú curtha leis an cheadúnas atá ann don ionad go dtí'n taonú lá déag de Dheireadh Fómhair.

Covid-19

Tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 i nDún na Gall le seachtain, mar gheall ar an víreas a bheith ag spréadh i measc an phobail.

Bhí 130 cás deimhnithe i nDún na nGall inné, de réir Seirbhís Sláinte Poiblí an Iarthuaiscirt.

Dúirt an Doctúir Anthony Breslin, stiúirtheoir Sláinte Poiblí an Iarthuaiscirt, go bhfuil líon na gcásanna ag cur brú ar an chóras sláinte, cé nach bhfuil daoine atá vacsaín faighte acu ag iarraidh chomh tinn leis an víreas le daoine nach bhfuil cosaint ar bith acu.

Athrú aeráide

Tá go leor ceantair cois cósta i nDún na nGall a thiocfadh a bheith faoi uisce faoin bhliain 2030 de bharr athrú aeráide, do réir tuairisce ar Athrú Aeráide de chuid na Náisiúin Aontaithe.

Deirtear sa tuairisc go mbeidh Aerfort Dhún na nGall ar an Charraig Fhinn go hiomlán faoi uisce i 2030.

Deirtear fosta go dtiocfadh páirt de Mhachaire Rabhartaigh a bheith scartha ar shiúl ón tír mór, má éiríonn leibhéal na farraige mar atáthar ag tuar.

Do réir na léarscáile fosta, thiocfadh páirceanna imeartha Chumann Luthchleas Gael Ghaoth Dobhair, Ard an Ratha agus Naomh Columba i nGleann Cholm Cille a bheith faoi uisce sa bhliain 2030.

Cúrsaí úra

Tá níos mó ná 120 cúrsa lán agus páirt-aimseartha fógartha ag Seirbhís Breis Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, ceithre chúrsa úr lánaimseartha ina measc, a bhéas ag toiseacht an Fómhair seo.

Is iad fíodóireacht, cúram ainmhithe, córais cumarsáide, agus pléanáil líonraí, na cúrsaí úra lánaimseartha atá ar fáil i mbliana.

Seoladh na cúrsaí seo mar chuid de Choicís FET, sráith seisiúin eolais atá a reáchtáil ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn.