Covid-19

Bhí naoi gcás Covid-19 deimhnithe in Otharlann Leitir Ceanainn ag an 8 a chlog aréir, laghdú do dhuine amháin ar an lá roimhe sin, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Deimhníodh trí chás úr den víreas san Otharlann le ceithre huaire fichead. Dhá othar leis an Víreas Covid -9 atá ag fáil comhar leighis in Aonad Dian Chúram na hotharlainne faoi láthair.

Tá ráiteas eisithe ag Grúpa Otharlann Saolta ag cur i n-iúl go bhfuil Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn thar a bheith gnóthach arís an tseachtain seo agus go bhfuil moill ar dhaoine cóir leighis a fháil.

Deir siad go bhfuil brú ollmhór ar leapacha san Otharlann mar gheall ar an leibhéal ard othair atá ag lorg cóir leighis san Otharlann le cupla lá.

I ráiteas ón Ghrúpa tráthnóna inné deirtear go mbeidh tús-áite a thabhairt d'othair atá go dona tinn agus go mbeidh fanacht fhada ar othair eile nach bhfuil cúram práinneach de dhíth orthu.

"Dún na nGall Abú"

Tá feachtas margaíochta "Dún na nGall Abú" á eagrú ag Comhairle Condae Dhún na nGall inniu.

Sé seo an 3ú bliain don fheachtas a reáchtáil ag an Chomhairle Contae áit a dtabharfar eolas ar na deiseanna ar fad atá sa chontae le daoine a mhealladh na háite agus chun iad a spreagadh le cónaí, le hoibriú nó le cuairt a thabhairt ar an chontae.

Tá Cathaoirleach na Comhairle Contae, an Comhairleoir Jack Murray ag iarraidh ar dhaoine as an Chontae seo atá ar fud an domhain a bheith páirteach san fheachtas tré pictiúir a chur ar líne inniu leis an hais chlib Dún na nGall Abú nó Love Donegal.

CLG Dhún na nGall

Dhearbhaigh CLG Dhún na nGall le RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inné go bhfuil agóid á dhéanamh ag CLG Chill Chartha i ndiaidh bua Naomh Conaill i gCluiche Ceannais 2020 Dhún na nGall a imríodh oíche shatharn.

Tuairiscítear go bhfuil eolas á lorg ag Cumann Chill Chartha maidir leis an méid ionadaithe a d'úsáid Naomh Conaill in am breise sa chluiche.

De réir na rialacha, ní cheadaítear ach triúr ionadaí a thabhairt chun páirce le linn am breise. Beidh ag Coiste Riaracháin na gCluichí i nDún na nGall (an CCC) scrúdú a dhéanamh ar an méid atá faighte acu ó CLG Chill Chartha sula ndéanfar aon chinneadh eile.

Meabhairshláinte

Deir Rúnaí Sealadach Sciobóil na bhFear i nGaoth Dobhair, Darragh Ó Baoill, go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach, ó thaobh cúrsaí meabharshláinte de go dtabharfaí an rialtas cead do na sciobóil ar fud na tíre athoscailt i mí Mheán Fómhair.

Dúirt sé, de réir anailíse atá déanta ag an eagraíocht go náisiúnta go bhfuil ardú ar líon na mball a bhfuil fadhbanna meabharshláinte acu ó dhó fan gcéad go chor a bheith 40%.

Iascach

Tá maoiniú de chor a bheith €17,000 ceadaithe do Iascaigh Intíre Éireann le hiasc a chaomhnú agus a fhorbairt i nDún na nGall.

Tá an mhaoiniú ceadaithe do Chumann Slat Iascairí na Rosann le háiseanna a fhorbairt ar bhruach aibhneacha ar an Chlochán Liath le bradán a chaomhnú sa cheantar.

Tagann an mhaoiniú seo mar chuid de chiste de thara €750,000 atá ceadaithe do thionscail na hiascaireachta ag Iascaigh Intíre Éireann agus an Rialtas faoi Scéim Chaomhnú agus Ghnáthóga 2021.

Múinteoirí

Tá roinnt post Múinteoireachta fógraithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, ina measc tá poist ar Oileán Thoraigh agus i gColáiste Chineál Eoghain i mBun Cranncha.

Tá Múinteoir Tír Eolaíochta, Béarla agus Spáinnise a lorg i gColáiste Pobail Oileán Thoraigh agus Múinteoir Tís, agus Innealtóireachta a lorg i gColáiste Chineál Eoghain i mBun Cranncha.

Tá Múinteoir Eolaíocht-Ríomhaireachta a lorg i gColáiste an Earagail Leitir Ceanainn chomh maith.