Ceangal leathanbhanda de dhíth ar oileáin bheaga Thír Chonaill

Dúirt Máirin Uí Fhearraigh bainisteoir Chomharchumann na nOileán Beag gur deis iontach forbartha agus fostaíochta a bheadh ann d'oileáin bheaga Thír Chonaill dá mbeadh ceangal leathanbhanda acu.

'Bheadh daoine in ann bheith ag obair orthu go páirtaimseartha agus athlonnú ó na bailte móra' a dúirt sí.

'Ní raibh na hoileáin bheaga amach ó Ghaoth Dobhair nó Chloich Cheann Fhaola san áireamh i liosta a bhí ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann d'oileáin Dhún na nGall, le hiad a chur san áireamh le ceangal le córas leathanbhanda', a dúirt Máirín Uí Fhearraigh.

Bhí oileáin bheaga na Rosann ar an liosta don staidéar féidearthachta do cheangal leathanbhanda , ach chuir Comharchumann na nOileán Beag an NBI ar an eolas faoi oileáin eile cosúil le hInis Bó Finne agus Gabhla.

Tá cruinniú eile beartaithe ag an ghrúpa seo faoin ábhar i Meán Fómhair agus súil go mbeidh dul chun cinn ann ó thaobh suirbhé ar na hoileáin seo.

Molloy i gcoinne fhorbairt fheirm ghaoithe

Tá an Comhairleoir Condae Anthony Molloy, ag cur i gcoinne fhorbairt fheirm ghaoithe ar an Ghrafaidh sa Ghaeltacht Lár , mar go ndeir sé go bhfuil 'go leor feirmeacha gaoithe ar fud Dhún na nGall mar atá'.

Dúirt an Comhairleoir Molloy gur scríobh sé ag Comhairle Condae Dhún na nGall le cur i gcoinne na forbartha seo de 8 dtuirbín ata beartaithe ar bhailte fearainn thart ar an Ghrafaidh.

'Níl sé cothrom' a dúirt an Comhairleoir Molloy, 'go dtagann forbróirí móra na condae seo le hairgead a dhéanamh as tuirbíní gaoithe agus go bhfágtar an obair ag grúpaí pobail le cur ina gcoinne'.

Feabhas ann do fheirmeoirí caorach

'Cé go raibh droch thús i mbliana ag feirmeoirí caorach, i gcontae Dhún na nGall, mar gheall ar an droch aimsir san earrach agus luachanna ísle ar stoc, tá feabhas mór tagtha ar chúrsaí anois' a dúirt Paddy Browne, Comhairleoir Talmhaíochta le Teagasc.

'Tháinig ardú ar luacha caorach agus uain le tréimhse agus tá ráchairt mhór ar uaineoil na hÉireann agus ar uain óga do chaoirigh stoic' a dúirt Paddy Browne.

'Tá fíor bheagán do chuid caoirigh agus uain na tíre seo a n-easpórtáil na Breataine anois, o d'fhág an Ríocht Aontaithe, Aontas na hEorpa' a dúirt sé.