Boinn Oilimpeacha

Tá dhá bhonn Oilimpeacha ag teacht go Conamara théis gaiscí fhoireann ramhaíochta ban na tíre seo i dTóiceo moch ar maidin inniu.

Bhí Afric Keogh as Áill an Phreacháin sna Forbacha agus Fiona Murtagh as Tullach Uí Chadhain i Maigh Cuilinn ar fhoireann na hÉireann a chríochnaigh sa 3ú áit sa rása ceannais d'fhoirne de cheathar.

Dúirt Aifric Keogh gur rasa crua mar nach raibh na coinníollacha fabharach ar maidin inniu. Ciallaíonn an bonn seo chuile shórt di fhéin agus dá clann agus tá ríméad orthu anois go bhfuil údar ceiliúradh ag an dream atá sa mbaile a thug an oiread sin tacaíochta dóibh a dúirt sí.

Duirt Fiona Murtagh go bhfuil an t-úfas oibre déanta acu ó thús na dianghlasa agus seo lá a fhanas leo go deo a dúirt sí.
200 méadar a bhí fagtha sa rása nuair a chuaigh cailíní na hÉireann amach thar fhoireann na Breataine ag críochnú taobh thiar den Astráil a bhua an rása agus an Ísealtír a bhí sa dara h-áit.

Iascairí

Chas an Feisire Eorpach do Shinn Féin Chris Mac Manus chomh maith le urlabhraí iascaireachta an pháirtí an Teachta Dála Pádraig Mac Lochlainn le iascairí i Ros an Mhíl agus ar an bhFód Dubh i Maigh Eo an tseachtain seo .

Dúirt an Teachta Dála Máiread Farrell go bhfuil sé soiléir ón méid a bhí le rá ag na hiascairí go bhfuil siad ag streachtailt de bharr an Bhreatimeacht, agus gur buille eile atá ann do thionscail a bhí ag fulaingt cheanna fhéin de bharr socraithe a bhí déanta ag Aontas na hEoraipe agus ag Rialtas na tíre seo.

Caithfidh an Rialtas seasamh ar son tionscail na hiascaireachta anois adúirt an Teachta Dála Farrell mar go gcuirfear deire leis an tionscail agus na pobail cois cósta mura seasfaidh siad leo.

Covid-19

Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Nuacht an Iarthair go bhfuil ardú tagtha ar líon na gcásanna atá deimnithe do Chovid-19 in Inis Mór.

Deir siad go bhfuil foireann Chúram Sláinte Pobail agus Sláinte Poiblí na Feidhmeannachta sa nIarthar goite i gcomhairle le lucht graithe agus le oibrithe sláinte ar an oileán lena chinntiú go bhfuil na tástálacha agus rianú teagmhála do Chovid-19 á dhéanamh chomh sciopaí agus is féidir é.

Tuirbíní Gaoithe

Tá an Coiste um Zonáil Tuirbíní Gaoithe Chois Fharraige théis scríobh ag Airí Rialtais , agus ag polaiteoirí eile ag impí orthu a chur na luí ar Chomhairle Condae na Gaillimhe an dáta le go mbeadh na haighneachtaí faighte ag an gComhairle do dhréacht phlean forbartha an Chondae a chur siar.

Tá siad ag iarraidh freisin go gcuirfí moill bliana ar Phlean Forbartha an Chondae le go mbeidh níos mó ama le plé a dhéanamh faoi na haiteachaí i gCois Fharraige atá i gceist ag an gComhairle a zonáil .

Deir an Coiste nach ndeachaigh an Chomhairle Condae i gcomhairle le muintir Chois Fharraige faoi na moltaí atá déanta sa dréacht phlean agus go raibh na mapaí a chur siad ar fáil go na háiteachaí atá i gceist doléite.