Oilimpigh

Is moch ar maidin amárach a bheas Aifric Keogh as Aill an Phreacháín sna Forbacha agus Fiona Murtagh as Tulach Uí Chadhain i Maigh Cuilinn san iomaíocht sna cluichí Oilimpeacha ó thaobh rámhaíochta d'fhoirne de cheathrar.

Ceaptar go mbeidh siad ar an uisce idir 3.30 ar maidin agus 4.00 a chlog ar maidin.

Beidh an chéad dhá bhád as sé bhád a bheas sa rása ag cáiliú le haghaidh an bhadhta ceannais.

Beidh ar na báid nach n-éiríodh leo ar maidin amárach a dhul i mbun coimhlinte arís ina dhiaidh sin áit a mbeidh deis ag dhá bhád eile cáiliú den bhadhta ceannais.

Zónáil

Dúirt Cathaoirleach Choiste Pobail na bhForbacha Murt O Cualáin go bhfuil an Zónáil atá le déanamh ar lear mhór talamh sna Forbacha agus i mBearna le haghaidh muilte gaoithe mí cheart .

Níltear ag caitheadh go féaráilte le daoine ó thaobh an bhealach go bhfuil an chomhairle Contae ag cuir an phobail ar an n 'eolas ó thaobh na moltaí atá siad a dhéanamh agus na srianta a bheas ar cheantair éagsúla mar gheall air.

Creideann O Cualáin go bhfuil siad le leas a bhaint as an zonail le muilte gaoithe le chinntiú nach dtógfar aon bhóthair nua as Bearna go Scríb. Cuireann sé iontas air go raibh sé ráite go raibh an ceantar caomhnaithe ó thaobh NHA ach go féidir forbairtí mar muilte gaoithe a thógáil ann cé nach bhfeadfaí bóthair a thógáil ann.

Coláiste Lurgan

Tá cruinniú le bheith ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le bainisteoir Choláiste Lurgan Micheál O Foighil agus le ionadaithe grúpaí eile as ceantar Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn le plé a dhéanamh ar an bhforbairt athar ag iarradh a dhéanamh in Indreabhán.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta cheanna go raibh sé sásta casadh le ÓFoighil le iarracht a dhéanamh dul chun cinn a dhéanamh ar na ceisteanna atá ag déanamh imní dhó.

Dúirt Micheál Ó Foighil nach bhfuil sé sásta ar chor a bith go bhfuil réamh-choinníoll leagtha síos ó thaobh an Chruinnithe sa gcomhfhreagras a sheol an tAire Stáit sé sin go gcaithfidh Coláiste Lurgan glacadh le socrú a bhí déanta faoi Nollaig anuraidh.

Níl Roinn na Gaeltachta sásta a dheimhniú go bhfuil baoil mhór anois go gcaillfear an maoiniú atá leagtha amach den togra in Indreabhán agus go gcaithfear é i gceantar eile Gaeltachta.