Covid-19

D'fhógair an Leas-Phríomh oifigeach Leighis an Dochtúir Rónán Glynn tráthnóna inné go bhfuil an ráta is airde de chásanna Covid-19 sa tír go fóill i gCondae Dhún na nGall.

Deimhníodh 1,054 cás den víreas Covid-19 i nDún na nGall i dtréimhse coicíse, idir an dara lá déag agus an t-Ochtú lá déag den Mhí seo, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Lárionad Faire Um Chosaint Sláinte tráthnóna inné.

Tá ráta na gcásanna i nDún na nGall ardaigh anois go 725 cás i measc achan 100,000 duine, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta atá ag 230.6.

Ionad tástála

Tá athrú curtha ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte ar uaireanta oscailtei Ionad tástála Cleary taobh amuigh de Bhaile Dhún na nGall mar gheall ar éileamh ar thástáil do Covid-19 ag toiseacht inniu.

Beidh an tIonad foscailte do choinní tástála ón 9.30 go dti'n 5 a chlog ó Luan go Aoine taobh amuigh den Chéadaoin nuair a bheas sé druidte ar 4 a chlog.

Táthar ag moladh do dhaoine coinní a dhéanamh roimh ré.

Óstáin

Chas Stiúrthóirí ó Chomhlacht Athbheochan an Bhun Bhig a cheannaigh Óstán Ghaoth Dobhair agus Óstán Radharc na Mara i bparóiste Ghaoth Dobhair le Comhairleoirí Condae i gceantar Bardais na nGleanntach ar na moillibh agus cuireadh na pleananna atá acu don dá Óstán atá druidte le fada os a gcomhair.

á an Comhlacht seo mar pháirt de Ghrúpa Veseda. Tá sé i gceist ag an Chomhlacht infheistíocht iomlán de €20m a dhéanamh sna Tograí.

Míoca

Beidh cruinniú speisialta ag an Chomhairle Condae inniu le Cairéil sa Chondae a phlé. Beidh an cruinniú a reáchtáil ag Coistí straitéiseacha bóthair agus pleanála.

Dhéanfar plé ar an earnáil cairéil go hiomlán agus meastar go bpléifear an damáiste atá déanta ag míoca a tháinig ó chairéil áitiúla.

Tiocfaidh an Grúpa Oibre Náisiúnta míoca le chéile inniu arís le plé a dhéanamh ar an chonspóide faoi na brící lochtachta míoca i dtithe ar fud na tíre, na mílte acu sin i nDún na nGall agus Maigh Eo. Seo an ceathrú cruinniú atá ag an Ghrúpa a bhunaigh an tAire Tithíochta Darragh O Brien.