Seirbhís ionadaíochta do scoileanna dara leibhéal

Tá comhlacht nua bunaithe san ionad GTeic i mBéal a' Mhuirthead, le seirbhís a chur ar fáil do scoileanna dara leibhéal a bhíonn ag cuartú múinteoirí le hionadaíocht a dhéanamh.

Dúirt bunaitheoir an chomhlachta 'Select IO', Jason Ó Mongáin, go mbeidh sé ar chumas an chomhlacht nua ardán a chur ar fáil do phríomhoidí le folúntais gearrthéarmacha a bhíonn acu a líonadh.

Beidh an córas ar fáil ag deireadh na míosa seo agus beidh príomhoidí a úsáid le linn na scoilbhliana seo chugainn

Tine sléibhe

Glaodh amach ar lucht na briogáide dóiteán thart ar a 9 a' chlog aréir le tine sléibhe a bhí ar an gCoilín i gCarna a cheansú.

Thóg sé suas le uair go leith ar oibrithe na briogáide an tine a chur faoi smacht.

Glaodh amach faoi dhó tráthnóna inné freisin ar Bhád Tárrthála RNLI na Gaillimhe mar go raibh imní faoi dhaoine a bhí goite amach sa gcuan i gcadhacanna agus báidíní beaga plaisteach ach fritheadh an dream a bhí amuigh slán sabhailte.

Dréachtphlean Forbartha an chontae

Tráthnóna inniu a bheas an cruinniú ar líne atá eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, le plé a dhéanamh faoi Dhréachtphlean Forbartha Chontae na Gaillimhe, ar bun.

Tá roinnt leasaithe réitithe ag an gCumann Forbartha faoi cúrsaí tithíochta, stádas lonnaíochta an cheantair, caomhnú agus neartú teanga an phobail, deisiú bóithre, cúrsaí séarachais agus forbairt mhuilte gaoithe i gceantar Chois Fharraige

Tá sé curtha in iúl ag na Comhairleoirí Contae Tomás Ó Cuaraoin, Pádraig Mac an Iomaire, Daithí Ó Cualáin, Noel Thomas agus Alistair Mc Kinstry go mbeidh siad ag glacadh páirt sa gcruinniú.

Sí Gormfhlaith Ní Thuairisg ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheas ag déanamh cathaoirleacht ar an gcruinniú.

Tosóidh an cruinniú ag 8.00 i.n ar an gcóras ZOOM.

Ceantar Chonamara Theas fágtha gan innealtóir b'fhéidir

Tá imní léirithe ag Comhairleoirí Contae Chonamara go bhfágfar ceantar Chonamara Theas gan aon innealtóir ceantair mar go bhfuil an t-innealtóir atá ansin faoi láthair ag fágáil an phoist.

'Caithfear a chinntiú', a deir an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin 'go gceapfar innealtóir go lán aimseartha sa gceantar lena chinntiú go bhfuil leanúnachas leis an obair a bhíonn ar bun sa gceantar'.

Bhí Naoise ó Conghaile ag oibriú mar innealtóir áitiúil sa gceantar le roinnt blianta anuas agus beidh sé ag cur críoch lena chuid cúramaí sa gceantar an tseachtain seo .

Dúirt an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin go bhfuil sé fíor-thábhachtach go mbeadh innealtóir ceaptha le dul i mbun na gcúraimí sa gceantar láithreach.

Tá sé i gceist aige cruinniú a iarradh leis an bpríomhfheidhmeannach, Jim Cullen leis an gceist a phlé.