Míoca

Beidh cruinniú speisialta ag Comhairle Condae Dhún na nGall inniu leis an ghéarchéim faoi brící lochtacha Míoca i nDún na nGall a phlé.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Condae an Comhairleoir Jack Murray go bhfuil an t-ábhar seo ag cur isteach go mór ar phobal na Condae agus go gcaithfear Scéim Cúitimh Míoca a phlé, chomh maith leis na tacaíochtaí atá riachtanach d'úinéirí tí.

Árainn Mhór

Thug Cathal Mac Suibhne, Innealtóir Mara le Comhairle Condae Dhún na nGall, le fios go dtabharfaidh sé cuairt ar Oileán Árainn Mhór go luath leis an droch staid atá ar bhóithre ansin a phlé.

Dúirt sé go raibh an plean curtha le chéile ag an Rannóg Mara 5 bliana déag ó shin ach go raibh deacrachtaí le talamh agus le maoiniú.

Deir sé anois go bhfuil an Chomhairle sásta athbhreithniú a dhéanamh ar an phlean.

Aerchór

Ní raibh ingearán de chuid an Aerchóir a tháinig as Baile Átha Cliath ábalta theacht chun talún ag Otharlann Leitir Ceanainn aréir, de bharr na drochaimsire.

B'eigean an t-ingearán, ina raibh baill den Chlár Iompar Náisiúnta do Leanaí Nuabheirthe, an NNTP, a athreorú go Páirc Mhic Cumhaill i mBealach Féith, áit ar bhuail otharcharr leo i dtrátha an 8 a chlog aréir.

Is Seirbhís Aisghabhála é an NNTP do leanaí tinne a chaithfear a aistriú le cúram speisialta a fháil in otharlanna eile. Tugadh othar ansin ar ais go Baile Átha Cliath ar an ingearán.

Leithris phoiblí

Rinneadh plé ar an tábhacht atá le leithris phoiblí ar na hOileán ag cruinniú de Choiste na nOileán ar na moillibh .

Dúradh go bhfuil ardú mór ar líon na gcuairteoirí go dtí na hOileáin amach o Chósta Dhún na nGall agus go bhfuil se tábhachtach go mbeadh aiseanna leithris ar fail ansin.

Dífhostaíocht

Tháinig laghdú suntasach ar líon na ndaoine a bhí cláraithe dífhostaithe i gContae Dhún na nGall le bliain, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Phríomh-Oifig Staidrimh.

Ag deireadh Mhí an Mheithimh na bliana seo bhí 8,356 duine cláraithe dífhostaithe i gContae Dhún na nGall, sin i gcomparáid le 10,600 duine ag deireadh mí an Mheithimh 2020, rud a dfhág go raibh laghdú de 21% ar líon na ndaoine dífhostaithe sa chontae seo le bliain.