Vacsaín i gcógaslanna

Tá tús a chur inniu le dáileadh vacsaín Covid-19 i gcógaslanna, agus dúirt an póitigéir Tomás Ó Muirí a bhfuil roinnt cógaslanna aige sa chondae go bhfuil éileamh mór ar an tseirbhís cheana féin.

Dúirt sé ar Adhmhaidin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, inniu go bhfuil 300 duine cláraithe leis an vacsaín a fháil ina chógaslanna ó bhí maidin Dé hAoine ann, ach de bharr fadhbanna le soláthar an vacsaín, go nglacfaidh sé ar a laghad go deireadh na seachtaine sula mbeidh tús ceart curtha leis an tseirbhís.

Úinéirí bialann i mbun agóide ag Dáil Éireann

Tá úinéirí bialann Fusion Bistro sna Cealla Beaga, Linda agus Gary Boyle ag eagrú agóide ag geataí Dháil Éireann inniu, le cur i gcoinne na srianta atá curtha ar earnáil an fháilteachais.

Dúirt Linda Boyle go bhfuil lucht gnó, tábhairneoirí, cocairí agus freastalaithe fríd a chéile ag cinneadh an Rialtais gan ligean do dhaoine ithe nó ól faoi dhíon go dtí'n 19ú den mhí seo ar a luaithe.

Monarchan cónraí dóite go talamh

Tá na seirbhísí éigeandála gó fóill ar an láthair ar an tSratha Bán mar gheall ar thine a bhris amach ansin tráthnóna inné.

Tuigtear gur de bharr splanc tintrí a thosaigh an tine, i bhfoirgneamh ar bhealach Leifear isteach go dtí an baile, le linn stoirme thairní san iarthuaisceart inné.

Táthar ag moladh do phobal Leifear agus an tSratha Bán fuinneogaí agus doirse a choinneáil druidte, agus an ceantar áit a bhfuil an tine a sheachaint.

Eolas á lorg faoi thaisme bhóthair

Tá na Gardaí ag lorg eolais maidir le taisme bhóthair ina raibh carr amháin, a tharla ar bhealach Dún Mór, sna Carraigíní i gCill Fhéich aréir.

Tugadh an tiománaí, bean ina cuid 30idí, chomh maith le beirt pháisinéirí, go hotharlann Alt na nGealbháin mar gheall ar a ngortuithe.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhí ag taisteal ar an bhealach thart ar a 7 a chlog aréir dhul i dteagmháil leo má tá eolas ar bith acu.

Staidéar faoi ionad óige do Ghaoth Donbhair

Tá staidéar á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ar an mholadh Ionad Óige ina mbeadh gné Oideachais ceangailte leis, a thógáil i bParóiste Ghaoth Dobhair.

Tá plé a dhéanamh faoi láthair ar shuíomh don Ionad agus muna dtig theacht ar shuíomh a bheadh fóirsteanach i lár na paróiste, dúirt an tÚdarás go bhfuil siad sásta suíomh a chur ar fail ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Feachtas molta le cur in aghaidh ciorruithe iascaireachta

Caithfear feachtas láidir a chur ar bun le cur i gcoinne na gciorraithe san earnáil iascaireachta, a deir an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.

Níl sé ceart nó cóir go bhfuil iascairí na tíre seo thíos leis de thairbhe an margadh a rinneadh leis an Bhreatain faoin Bhreat-Imeacht, a dúirt sé.

Ionad Dóchais Bhun an Phobail

Osclaíodh ionad úr chomhairleoireachta i mBun an Phobail inné i gcuimhne ar an triúr ball de theaghlach Mullen a cailleadh go tragóideach i dtaisme bóthar i Rinn Uí Choigligh in Inis Eoghain anuraidh.

D'oscail Geraldine Mullen Ionad an Dóchais in iar ionad gharradóireachta a féar céile John Mullen i mBun an Phobail.

Curriarracht ar mhuir idir dhá thír

Tá'n bád is gaiste in Éirinn faoi chuan i gcalafort na gCealla Beaga faoi láthair, agus criú an bháid ag fanacht le briseadh san aimsir le tabhairt faoin aistear go Reykjavik na hÍoslainne.

Tá curriarracht ar bun acu leis an aistear is gaiste a dhéanamh idir an dá thír, i ndiaidh daofa an curiarracht leis an turas tras-atlantach is gaiste a chur siar de bharr srianta Covid-19.