Muilte Gaoithe

Tá moltaí déanta ag Comhairle Contae na Gaillimhe i ndreacht phlean Forbartha an Chontae faoi mhuilte gaoithe nach mbeadh ag teacht leis na treoir línte náisiúnta atá ann muileann gaoithe a bheith i bhfoisceacht 500 meadar ó theach cónaí. Taispeáineann mapaí atá curtha ar fáil ag an gComhairle go bhfuiltear ag glacadh leis i bprionsaibail go bhfuil Coill Rua Thoir agus Thiar feiliúnach le haghaidh muilte gaoithe a thógáil ann.
Tá tithe sa gceantar atá molta ag an gComhairle Contae i gCoill Rua do na muilte gaoithe seo. Tá cúig cheantar is fiche ar fad anois i gCois Fharraige a bhfuil aitheantas tugtha dhoibh i bplean forbartha an Chontae mar áiteacha a bheadh feiliúnach le haghaidh muilte gaoithe a thógáil iontu.

Muilte Gaoithe

Dúirt Seán Ó hAodha as Baile na mBrobhach nach féidir na mapaí a fheiceáil ceart ar an suíomh atá ag an gComhairle Contae do dhréacht phlean Forbartha an Chontae. B'éigin do roinnt daoine as an gceantar seisiúin eolais a iarraidh an tseachtain seo le eolas cruinn a fháil ón Rannóg pleanála faoi na ceantair atá molta sa dréacht phlean. I measc na gceantar atá luaite le muileann gaoithe a thógáil ann na tá Gleannán agus Cartúir leathán sna Minna, Corr na Rón, Bothar Buí, Coill Rua Thiar agus Thoir agus Seanadh Mhóinín chomh maith le roinnt áiteacha eile i gCois Fharraige. Dúirt Seán O hAodha in agallamh atá le craoladh ar Adhmhaidin inniu go bhfuil an scéal seo ar an bhforbairt is mó a mbeidh tionchar aige ar chúrsaí pleanála i gCois Fharraige ó leagadh amach an cúrsa den bhóthar as Bearna go Scríb.

Dúirt urlabhraí ó Rannóg Pleanála na Comhairle Contae nach gciallaíonn sé má tá ceantar aitheanta a bheadh feiliúnach le muileann gaoithe a thógáil go bhfaighidhfear cead pleanála sna h-aiteacha sin.
Níl an stádas ceanna ag ceantair atá molta sa dréacht phlean le muilte gaoithe a thógáil ann agus atá ag an Zonáil a dhéantar ar áiteacha le haghaidh tithe a dúirt an t-urlabhraí. Glacann siad leis go bhfuil tithe i gcuid den na ceantair atá molta do mhuilte gaoithe ach caithfear é sin athrú a dúirt an t-urlabhraí. Baineadh leas as córas mapála ar ríomhaire agus tá feidhmeannaigh na Comhairle théis cuairt a thabhairt ar na ceantair atá molta, a dúirt an t-urlabhraí ón rannóg pleanála. Ní ghlacann siad ach an oiread go laghadaíonn sé luach na dtithe sa gceantar go bhfuil an t-aitheantas seo faighte acu sa dréacht phlean.

Leithris Phoiblí

Tá coiste Pobail Ros an Mhíl ag iarraidh ar na Ranna éagsúla stáit a theacht le chéile agus freagracht a thógáil le leithris phoiblí a thógáil ar an gCéibh i Ros a Mhíl. Tá sé náireach a dúirt Barraí ó Fatharta Cathaoirleach an choiste pobail nach bhfuil ais mar seo ag an láthair. Bíonn na mílte ag teacht chuig an gceantar agus mura a bhfuil oifigí oscailte níl aon leithris phoiblí ar fáil dhoibh. Tá píopaí agus tancanna feistigh le leithris a thógáil ag an gCeibh in aice leis an áit a mbíonn daoine ag dul ar na báid farantóireachta ach níor baineadh aon úsáid astu riamh. Tá siad ag iarraIdh ar ionadaithe poiblí an cheantair éileamh a dhéanamh anois go dtógfaí a leithid d'áis sa gceantar.