Tithíocht

Ba cheart áitribh taobh in airde do shiopaí a iompú isteach ina n-ionaid cónaithe, chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa tír, dar leis an dTeachta Christopher O Sullivan, Fianna Fáil, ó Chorcaigh Thiar Theas.

Scoileanna

Tá 25 scoil idir bunscoileanna agus meánscoileanna i gcontaetha Gaeltachta an Deiscirt, aitheanta i measc an 170 scoil ar fud na tíre atá le bheith rannpháirteach i scéim shábháilteacht na mbealaí chun scoile.