Clúid
Tá an eagraíocht títhíochta Clúid ag iarraidh moltaí ó lucht forbartha faoi áiteachaí a bhféadfaí scéimeanna tithíochta a thógáil iontu i gcontae agus i gcathair na Gaillimhe.
Tithe sóisialta a bheadh iontu seo.
Tá Clúid ag iarraidh painéal a chur le chéile do dhaoine a gheobhadh an talamh leis na tithe seo a thógáil air agus a thógadh na tithe freisin.
Dheimhnigh urlabhraí ón eagraíocht go gcaithfí cloí leis na gnáthrialacha pleanála i gcásanna mar seo agus gurb iad Comhairle Contae nó Comhairle Cathrach an Gaillimhe a chaithfeadh ceadúnas a thabhairt le haghaidh na forbartha.
"Tá tithe ag teastáil go géar mar gheall ar an líosta ard feithimh atá ag na húdaráis áitiúla i nGaillimh faoi láthair" a deir urlabhraí ó Chlúid.
Dheimhnigh sé gur daoine atá ar an liosta seo a gheobhadh na tithe a thógfaí sna scéimeanna sin acu féin.
Dheimhnigh sé freisin go bhfuil na dindiúirí a bhaineann le ceannacht na dtithe saoire i mBaile an tSagairt sa Spidéal críochnaithe anois, agus go bhfuil na tithe sin i seilbh na heagraíochta Clúid.
Dúirt sé go bhfuil roinnt oibre le déanamh ar chuid acu, agus gurb iad a Chomhairle Contae a shocrós cé a gheobhaidh na tithe mura mbeidh cás eisceachtúil ann.
Bóthar
Déanfaidh an Bord Pleanála cinneadh an tseachtain seo faoin bhforbairt atá le déanamh ar an bpríomhbhóthar as an Teach Dóite go dtí an Clochán.
Cuireadh moill go minic cheana ar an gcinneadh faoin mbóthar seo.
Caithfear féachaint le bealach nua a fháil do chuid den bhóthar, len é a dhéanamh níos sábháilte.
Deirtear go bhfuil an bóthar seo ar cheann de na bóithre is measa sa tír.
Cuireadh moill ar an bhforbairt mar gheall ar dheacrachtaí le graithí talúna, agus le srianta a bhain le cúrsaí comhshaoil agus timpeallachta.
Táthar ag súil le cinneadh ón mBord Pleanála Dé hAoine seo chugainn.
Grúdlann
Tá Grúdlann na Ceathrú Rua (Independent Brewing) ar cheann de na gnóthaí atá ar ghearrliosta na nGradam do chomhlachtaí nua, gradaim náisiúnta atá urraithe ag Banc na hÉireann.
Tá chúig cinn déag de chomhlachta i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe ainmnithe agus beagnach chúig scóir comhlacht eile as áiteacha ar fud na tíre.
Sa rannóg a bhaineann le bia & deoch atá an t-ainmniúchán faighte ag an ngrúdlann.
Fógrófar buaiteoirí na ngradam ag ócáid a bheas i mBaile Átha Cliath, an 26ú lá den mhí seo.
Bhunaigh Kevin O'Hara, as an Spidéal, an ghrúdlann ar an gCeathrú Rua in Eanáir 2014 agus tá 5 cinn de bheoracha ar an margadh acu anois acu chomh maith le táirgí eile.
Figiúirí
Taispeáineann figiúirí atá foilsithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbíonn beagnach 60% do dhaoine atá os cionn 75 bliain d'aois, naoi n-uaire chloig ar a laghad ar thralaithe in aonad éigeandála an ospidéil.
Sí Ospidéal Ollscoil na Gaillimhe an tríú ceann is measa sa tír sa gcás seo.
Deirtear gur fágadh beagnach 10,000 duine a bhí os cionn 75 bliain d'aois os cionn naoi n-uaire chloig ar thralaithe in áiteacha ar fud na tíre i mí Eanair agus Feabhra na bliana seo, agus go raibh 2,700 san aoisghrúpa céanna fágtha ar thralaithe ar feadh 24 uair a' chloig.
Teach an Phosta
Thug Tearmann Éanna ar an Tulla le fios go bhfuil iarratas déanta acu ar an gComhairle Náisiúnta do thithíocht shóisialta, an ICSH, le feidhmiú ar a son sa gcéad chuid den fhorbairt atá le déanamh ar sheanteach an phoist in Indreabhán.
Feidhmíonn an chomhairle seo, ar son go leor eagraíochtaí tithíochta ar fud na tíre agus tá saineolas acu dá réir.
Is faoina gcúram siúd a bheas sé anois, innealtóir a cheapadh agus socruithe a dhéanamh le tairiscintí a chur amach don fhorbairt ar theach a phosta.
Ní raibh an foirgneamh seo in úsáid ó dúnadh teach a' phosta in Indreabhán i 2009, rud a fhágann go mbeidh roinnt oibre le déanamh air.
Bheadh súil ag Tearmann Éanna go mbeadh áit chónaithe do sheachtar ann nuair a bheadh an obair críochnaithe.
Ceaptar go gcuirfidh an ICHS tús leis na cúraimí seo thar ceann Thearmann Éanna an tseachtain seo.
Seo é an bealach céanna a ndéanfar na socruithe don obair atá le déanamh ar thithe saoire Eanach Mheáin, atá faoi chúram Thearmann Éanna freisin.
Foras na Mara
Tá suirbhé ar bun ag Foras na Mara i gCuan Chill Chiaráin faoi láthair ar ghnáthógá nádúrtha atá ansin.
Táthar ag déanamh an tsuirbhé de bharr go bhfuil Cuan Chill Chiaráin áirithe ina cheantar speisialta caomhnaithe.
Tá scrúdú á dhéanamh ann féachaint cén tionchar a bhíonn ag módhanna iascaireachta ar an moilsceán a fhásann sa gcuan, agus a thugann foscadh do shliogéisc agus de chineálacha eile éisc.
Tá Foras na Mara ag déanamh an tsuirbhé seo i gcomhar leis an gcomharchumann sliogéisc.
Deir Macdara Ó Cuaig ón bhforas go bhfuil bealaí go leor ann leis an iascach a chur chun cinn, agus na gnáthóga seo a chaomhnú ag an am céanna.