Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na daoine uilig a tháinig amach chuig coirmeacha ceiliúrtha 50 bliain an Raidió le déanaí, dóibh siúd a thug cluas dóibh, agus dóibh siúd a bhí ag breathnú ar líne, agus dóibh siúd a chuir teachtaireachtaí isteach chugainn. Bhí beagnach 1000 duine i láthair in iomlán ag na hócáidí ceiliúrtha seo sna Gaeltachtaí thuaidh, theas agus thiar, agus bhí plúr na n-ealaíontóirí Gaeltachta ar stáitse sna trí ionad.

Tá nascanna anseo don trí choirm, agus roinnt pictiúirí freisin.

Bhí muid in Amharclann Ghaoth Dobhair ar 24 Feabhra, agus is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo, agus is féidir féachaint air anseo

Michelle Nic Grianna agus Áine Ní Bhreisleáin

An finale mór don choirm le Clann Mhic Ruairí agus na ceoltóirí

Bréag ar stáitse

An fhoireann i ndiaidh na coirme

An fhoireann theicniúil do RnaG50 i nGaoth Dobhair

Bhí muid in Óstán Chois Fharraige i gConamara ar 21 Aibreán, agus is féidir éisteacht siar leis an gceolchoirm anseo agus féachaint air anseo

Bean a'tí Neansaí Ní Choisdealbha

John Beag agus a chairde ar stáitse

Brónagh agus Páid ar stáitse

John Carty chun tosaigh don finale mór don choirm

An fhoireann théis na coirme

Bhí muid in Óstán Ghobnatan i mBaile Mhuirne ar 28 Aibreán, agus is féidir éisteacht siar leis an gceolchoirm anseo agus féachaint air anseo

Sláine Ní Chathalláin agus Dara Ó Cinnéide

Cór Fear na nDéise

Muintir Uí Mheachair

An fhoireann ag Oíche san Abbey