Tá folúntas ag RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi láthair don phost mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta (ESN) agus cuirfear fáilte roimh iarratais ar an bpost.

Post sinsearach bainistíochta agus eagarthóireachta atá i gceist, lonnaithe i gCasla i gCo. na Gaillimhe agus ag tuairisciú do Cheannaire na seirbhíse. Oibríonn ESN na seirbhíse mar chuid den fhoireann bhainistíochta chun an stáisiún a stiúradh agus a fhorbairt chun an líon is mó lucht éisteachta agus is féidir a mhealladh agus, ag an am céanna, ár gcúram seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Mar cheannaire foirne cuideoidh an duine seo le seirbhís raidió trí Ghaeilge den chéad scoth a chur ar fáil taobh istigh de na hacmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil.

Beidh an té a cheapfar freagrach as Rannóg na Nuachta a bhainistiú, measúnú agus maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas léirithe agus eagarthóireachta sa rannóg, acmhainní agus buiséid a bhainistiú agus a riaradh. Beidh ar an té seo caighdeáin ábhar craolta, obair iriseoireachta agus cur i láthair a mheas agus a fhorbairt. Tá an Rannóg Spóirt mar chuid de Rannóg na Nuachta agus beidh an tEagraí Spóirt ag tuairisciú don ESN. Beidh teagmháil rialta ag an ESN le rannóga eile in RTÉ.

Tá iarrthóirí á lorg:

  • le fís, tuiscint, taithí eagarthóireachta agus cumas cinntí stuama eagarthóireachta a dhéanamh, go háirithe i réimse na nuachta agus cúrsaí reatha.
  • atá in ann feidhmiú go cumasach agus go hábalta faoi bhrú, fuinneamh agus cruthaitheacht a léiriú, agus a bheith tiomanta do sheirbhís nuachta atá cuimsitheach, cothrom agus neamhchlaonta a sholáthar.
  • le sár-scileanna cumarsáide, atá in ann foireann chruthaitheach iriseoireachta agus léiriúcháin a spreagadh agus a threorú.
  • le tuiscint ar chraolachán seirbhíse poiblí, treoirlínte RTÉ agus eolas beacht ar éiteas agus lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta, le tuiscint ar riachtanais an phobail sin, agus iad a chur i gcroílár gach a dhéanaimid.
  • le taithí ar cheannaireacht i ról eagarthóireachta nó léiriúcháin, agus comhordú ar chraoltaí seachtracha.
  • atá in ann caidreamh sármhaith a chruthú le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha chun tograí agus smaointe a bhrú chun cinn.
  • le sár-scileanna eagrúcháin agus pleanála.
  • le ardchaighdeán i labhairt agus i scríobh na Gaeilge.

Is buntáiste a bheadh ann do dhuine dá mbheadh scil agus spéis acu in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an méid daoine gur suim leo an tseirbhís.

Bainisteoir Rannóige Grád 2 é leibhéal an cheapacháin seo agus beidh an post á thairiscint mar cheapachán lánaimseartha ar bhonn leanúnach.

Iarrtar ar iarrthóirí litir iarratais, Curriculum Vitae agus cáipéis (1,000 focal) a chur chugainn. Beidh plé le déanamh ar na pointí seo a leanas sa cháipéis 1,000 focal.

  • Céard é ról na Rannóige Nuachta atá ag RTÉ Raidió na Gaeltachta?
  • Déan cur síos ar an bhfís atá agat do thodhchaí na rannóige nuachta.
  • Cén chaoi a gcuirfear do phlean i gcrích agus tabhair léargas ar na dúshláin agus na deiseanna a bheidh ann.

Ní mór an trí cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais ná Déardaoin, an 11ú Bealtaine 2023, ag a 5 i.n.

Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus fáiltíonn roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Fostóir comhionannais deise é RTÉ agus déantar iarratais cáilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéas chlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil.

Is féidir cur isteach ar an bpost anseo