Tá Seán Ó Tuairisg, duine den chéad seachtar craoltóirí a thosaigh le RTÉ Raidió na Gaeltachta nuair a tháinig an stáisiún ar an aer den chéad uair i 1972, théis bháis. Suaimhneas síoraí dó.
Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta:
"Bhí Seán Ó Tuairisg ar dhuine de na fathaigh craoltóireachta agus iriseoireachta a tháinig romhainn sa Raidió, a thug an deá-shampla, a chruthaigh an múnla is fearr don chraoltóireacht agus iriseoireacht i saol na Gaeilge agus a chuir seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.Bhí tionchar náisiúnta ag a chuid oibre, ní amháin i saol na Gaeilge ach i saol an Bhéarla chomh maith in RTÉ, i dTeach Laighean, le hAirí Rialtais agus polaiteoirí, áisíneachtaí stáit agus a leithéid.Bhí sé eiseamláireach mar chraoltóir, agus is é an dúshlán atá ann dúinne, glúin iriseoirí agus craoltóirí an lae inniu, na caighdeáin a bhí ag Seán a bhaint amach muid féin agus má éiríonn linn an méid sin a dhéanamh beidh muid ag déanamh go maith."
"Ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh le Muintir Uí Thuairisg ar fad, lena ghaolta agus a chairde."

Ba as an Lochán Beag i gConamara Seán Ó Tuairisg, nó Seán Mháirtín Mhóir. Bhí sé gníomhach i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus is i gColáiste na hOllscoile Gaillimh a chuaigh sé ar an ollscoil. Chaith sé tréimhse mar léachtóir sa Ruhr Universität i mBochum na Gearmáine, agus mar mhúinteoir i gColáiste Mhuire i mBaile Átha Cliath.
Bhí sé ar dhuine de na craoltóirí a bhí ag láithriú ar an dara lá craolta ag Saor Raidió Chonamara ag Oireachtas na nGael i Rosmuc i 1970. Craoladh díospóireacht ceithre uair an chloig i dtaobh éilimh Ghluaiseacht Chearta Sibhialta ar Údarás na Gaeltachta agus ba é Séan Ó Tuairisg a bhí sa chathaoir.
I 1972 fógraíodh go raibh seachtar Clár Reachtairí ceaptha do Raidió na Gaeltachta agus bhí Seán Ó Tuairisg (25) ina measc. Bhí sé ar dhuine de na láithreoirí ar an gcéad lá craolta ag RnaG. Chaith sé tréimhse i gceannas ar chúrsaí nuachta sa stáisiún, agus i 1977 ceapadh ina Leascheannaire ar an tseirbhís é. Ba é an chéad láithreoir ar an gclár Adhmhaidin é sa bhliain 1986.
D'ardaigh sé a chuid seolta ina dhiaidh sin agus thug sé faoi chúrsaí teilifíse le RTÉ i mBaile Átha Cliath. Chaith sé blianta mar láithreoir ar an gclár cúrsaí reatha Cúrsaí agus bhuaigh sé gradam Jacobs i 1992 don obair sin. Bhíodh sé le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta sna blianta ina dhiaidh sin, go háirithe ar chláracha toghchánaíochta, ábhar a raibh suim agus scil thar na bearta aige ann.


