Tá Brian Mac Aonghusa, iar-Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, théis bháis, suaimhneas síoraí dó. Bhí Brian ina Cheannaire ar an stáisiún ó Mheitheamh 1978 go dtí Deireadh Fómhair 1980.

Dúirt an Ceannaire, Gearóid Mac Donncha:

"Is i 1978 a ceapadh Brian Mac Aonghusa mar Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ach roimhe sin bhí sé ar choiste a rinne an phleanáil, agus a chuir an plean sin i gcrích, chun Raidió na Gaeltachta a bhunú i 1972."

"Sular thosaigh sé ina chúram mar Cheannaire ar an stáisiún, bhí cúlra aige mar riarthóir innealtóireachta in RTÉ agus sheas an taithí sin go mór dó agus é i gceannas ar stáisiún nach raibh i bhfad ar an bhfód."

"Is mór an dul chun cinn a rinne an stáisiún faoin stiúir, nuair a d'fhorbair sceideal na maidine go mór agus nuair a cuireadh béim ar leith ar chraoltaí seachtracha beo nuair nach raibh sé éasca a bheith ag craoladh as láithreacha éagsúla timpeall na tíre. Rinne sé go leor oibre ar leagan amach na foirne agus na strúchtúir inmheánacha freisin, a chabhraigh leis an eagraíocht sa bhfad téarma."

"Bhí taithí i réimsí éagsúla den chraoltóireacht aige agus spéis mhór phroifisiúnta aige iontu, agus rinne sé iarracht i gcónaí aird agus poiblíocht a tharraingt ar iarrachtaí suntasacha Raidió na Gaeltachta nuair a bhí an deis ann. D’fhág sé a lorg ar an stáisiún agus ní raibh aon cheist riamh faoina dhílseacht don teanga ná don tseirbhís a bhí ann ar mhaithe leis an bpobal."

"Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta go mór faoi chomaoin aige, agus déanaim comhbhrón lena bhean Máire, a chuid gasúir, a ghaolta agus a chairde thar ceann na seirbhíse."

Ar dheis Dé go raibh sé.