An bhfuil suim agat sna meáin? Ar mhaith leat a theacht ag obair le RTÉ RnaG?

Táimid ag iarraidh cloisteáil ó dhaoine a bhfuil a gcroí sa chruthú ábhair, atá fiosrach faoin domhan agus atá ag iarraidh an chéad chéim eile a ghlacadh agus slí bheatha a dhéanamh de mhian a gcroí.

Táimid ag lorg daoine atá dúthrachtach, díograiseach agus cumasach.

Níl taithí sonrach sna meáin chumarsáide á lorg againn don intéirneacht seo, ach beidh eolas ar réimse leathan meán cumarsáide chomh maith le díocas ina leith ag teastáil uait (na meáin shóisialta, podchraoladh, Teilifís, raidió, YouTube agus TikTok mar shampla). Bheadh spéis a bheith agat in RTÉ ina bhuntáiste duit agus tú ag déanamh iarratais.

Beidh na scileanna agus tréithe seo a leanas agat:

  • Ábalta oibriú mar chuid d'fhoireann
  • Go maith i mbun cumarsáide
  • Fiosrach
  • Ábalta scéal a insint
  • Ábalta smaointe a spreagadh

Gheobhaidh na daoine a cheapfar taithí mhaith i réimse an léiriúcháin reatha, scéal a aimsiú, forbairt a dhéanamh air, agallaimh a shocrú, taifead agus eagarthóireacht a dhéanamh, obair fhoilsitheoireacht ar líne agus go leor eile.Cuirfidh tú do chuid scileanna ag obair in RTÉ Raidió na Gaeltachta & Nuacht RTÉ/TG4.

Tá foirm iarratais le líonadh agus tá sé sin le fáil ag an nasc seo, agus breis eolais freisin faoin intéirneacht.

Is é an dáta scoir d'iarratais meánoíche, Dé Domhnaigh 26ú Márta 2023.