Fuair muid scéal brónach ar maidin, go raibh Seán P. Ó hÉalaí tar éis bháis ar 6 Márta, iar-chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta a d'oibrigh ar fhoireann Bhaile Átha Cliath ar feadh i bhfad.
Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta
"Scéal brónach dúinn go bhfuil Seán P. Ó hÉalaí ar shlí na fírinne, suaimhneas síoraí dó. Iriseoir a raibh fios a cheirde aige ó thaobh na meáin chlóite agus chraolta, agus fear a raibh scil agus saineolas aige i gcúrsaí ceoil agus ealaíon, chomh maith le cúrsaí nuachta. Déanaimid comhbhrón lena mhuintir agus lena chairde go léir, go háirithe iad sin a d'oibrigh leis ar fhoireann RnaG i mBaile Átha Cliath. Go raibh suaimhneas síoraí aige."
Ba as Doire do Sheán P. ach bhí cónaí air i gCros Araild i mBaile Átha Cliath ar feadh blianta fada. Bhí sé páirteach i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag deireadh na seascaidí, agus leis an bhfeachtas toghchánaíochta a reáchtáladh do Pheadar Mac an Iomaire.
Fuair sé post mar Eagarthóir ar an iris Comhar i dtús na seachtóidí, agus ina dhiaidh sin chuaigh sé ag obair le Nuacht RTÉ i nDomhnach Broc. Ceapadh é ina Chomhfhreagaí don Iarthuaisceart do RTÉ News i lár na seachtóidí, an chéad duine a ceapadh sa phost sin.
D’fhág sé RTÉ ag tús na n-ochtóidí nuair a fuair sé post mar Eagarthóir Gaeilge ar Scéala Éireann nó The Irish Press, agus chaith sé blianta fada ag obair ansin nó gur tháinig deireadh leis an nuachtán sin sa bhliain 1995.
Thosaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta ina dhiaidh sin, agus bhí sé ag obair leis an stáisiún go dtí 2012. D’oibrigh sé ar go leor cláracha éagsúla sna blianta sin. Bhí an-spéis aige i gcúrsaí ceoil agus ealaíon, agus chuir sé an tsraith Ardán na nEalaíon i láthair ar an stáisiún. Bhí sé luaite go mór freisin leis an gclár An Chaint sa Chathair a bhí faoina stiúir ar feadh blianta fada, irischlár Bhaile Átha Cliath, agus bhí sé ar fhoireann léirithe Ghlór Anoir a tháinig ina dhiaidh sin.
Ba cheoltóir an-mhaith a bhí i Seán. Chas sé ceol le Dáithí Sproule agus Mícheál Ó Domhnaill lena linn, agus dúirt Dáithí go minic go raibh sé go mór faoin chomaoin ag Seán.
Iriseoir géar-intinneach, a bhí thar a bheith cruinn agus pointeáilte faoi chúrsaí teanga a bhí ann, agus comhluadar iontach.
Suaimhneas síoraí go raibh aige.

