Beidh spórt agus spraoi ann i mbliana agus beirt dheartháir, Pax agus Macdara Ó Faoláin, agus beirt dheirfiúr, Annie agus Méabh Smyth, i measc na gceoltóirí a bheas san iomaíocht i mbliana sa chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada ar 3 Feabhra. Cuirfidh Peadar Ó Riada an ócáid i láthair beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh.
Is as An Rinn do Pax agus Macdara Ó Faoláin, agus aithne mhaith orthu mar cheoltóirí.
Is as Baile Mhic an Aba i gCo. Ard Mhacha do na deirfiúracha Annie agus Méabh Smyth, ó theaghlach ceolmhar atá ar maos i dtraidisiún fidléireachta dheisceart Uladh agus Thír Chonaill.
Is comórtas mór le rá sa cheol traidisiúnta é Bonn Óir Seán Ó Riada. Bíonn sé dírithe ar uirlis éagsúil gach bliain thar tréimhse ceithre bliana, agus i mbliana tá sé dírithe ar an bhfidil. Chuir an líon is mó daoine riamh isteach ar an gcomórtas i mbliana ó cuireadh ar bun é i 2010. Beidh 14 ceoltóir sa chraobh ar 3 Feabhra, ina measc cúigear ceoltóir ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, an líon is airde iomaitheoirí riamh ó thar lear, chomh maith le fidléirí eile ó ar fud oileán na hÉireann.
Is iad na ceoltóirí iomráiteacha Connie O’Connell, Éamon McGivney agus Ciarán Ó Maonaigh a bheas i mbun moltóireachta i mbliana. Gheobhaidh an buaiteoir an Bonn Óir, deartha ag Niamh Utsch, agus €2500. Beidh costas €10 ar an doras dóibh siúd ar mhaith leo freastal ar an ócáid i gCorcaigh, agus beidh sé le feiceáil beo ar leathanach Facebook RTÉ RnaG freisin.
Dúirt Peadar Ó Riada:
"Tá muid ana shásta le forbairt an chomórtais ó cuireadh ar bun é 13 bliain ó shin, agus an meas atá tuillte aige i measc phobal an cheoil. Tá iomaitheoirí tagtha chugainn ó thíortha ar fud an domhain, a bhuíochas leis an raidió a scaipeann an soiscéal i bhfad is i gcéin. Tá caighdeán na n-iarrthóirí i mbliana chomh hard is a bhí riamh, agus creidim go bhfuil an comórtas ag leagan síos caighdeán de bharr feabhas na moltóirí thar na blianta. Tá súil againn go mbeidh muintir an cheoil ag éisteacht linn ar an 3ú lá, agus beidh an comórtas le feiceáil beo ar líne freisin gan dabht mar a bhíonn gach bliain."
Is iad na hiomaitheoirí i mbliana: Adam Cole-Mullen as Boston, Alice Bradley as Maryland, Andrew Caden as Maryland, Joe de Georgeo as Minnesota, Ty Kelliher as Connecticut, Caoimhe Flannery as Séipéal na Carraige, Co. Chorcaí, Megan Nic Fhionnghaile as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill, Annie Smyth as Baile Mhic an Aba in Ard Mhacha, Jason Mac Aonghusa as An Droim Mór Thiar i Sligeach, Macdara Ó Faoláin as An Rinn i gCo. Phort Láirge, Méabh Smyth as Baile Mhic an Aba in Ard Mhacha, Pax Ó Faoláin as An Rinn i gCo Phort Láirge, Sinéad Nic Cionnaith as Eochair i gCo Thír Eoghain, agus Úna McGlinchey as an Ómaigh i gCo Thír Eoghain.
Craolfar an chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada Dé hAoine 3 Feabhra ag 7 pm beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, IMRO agus Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh na hiomaitheoirí ar an gcomórtas.
_______________________________
2 Trad mad Waterford brothers, and 2 Armagh sisters, in Seán Ó Riada Final
Two trad mad Déise brothers, Macdara and Pax Ó Faoláin, as well as two talented Armagh sisters, Annie and Méabh Smyth, are amongst the fourteen finalists who will compete for the Seán Ó Riada Gold Medal in Cork on Friday 3 February. Peadar Ó Riada will present the event live on RTÉ Raidió na Gaeltachta from the Rochestown Park Hotel from 7 pm.
