Cailleadh Séamus Ó Beaglaoich ar 9 Eanáir 2023, laoch ceoil agus laoch pobail, suaimhneas síoraí dó. Léiríodh ómós d'fhear Bhaile na bPoc ar go leor cláracha ar Raidió na Gaeltachta sna laethanta i ndiaidh a bháis, agus is féidir éisteacht leo ag na nascanna thíos.

Is féidir an t-aifreann sochraide a fheiceáil ar leathanach Facebook Raidió na Gaeltachta.

_____________________________________

An Saol ó Dheas
Clár ómóis do Shéamus Ó Beaglaoich & Tomás Ó Cruadhlaoi a fuair bás ar 9 Eanáir.
Beannacht Dé dílis leo beirt. Páirteach sa chlár: Muireann Nic Amhlaoibh,John Teamaí Ó Laoithe,Diarmaid Ó Beaglaoich,Donagh Hennesy,Máiréad Ní Mhaonaigh,Ciarán Ó Gealbháin,Seán Potts, Lorcán Ó Cinnéide.
Dónal Mac Donail,Breandán Mac Gearailt,Máire Ní Laighin,Geraldine Moore.

Eachtraigh Dom
Clár speisialta ómóis ag Pádraig Ó Sé le ceol agus comhrá.
Labhair sé le hOisín Mac Diarmada, Dónall Murphy, Kyle Macaulay, Rónán Mac Aodha Bhuí, Ciarán Ó Maonaigh, agus mír le Séamus féin ó eagrán speisialta den Saol ó Dheas faoi Timmy the Brit McCarthy.

Bladhaire
Eagrán speisialta ómóis ceoil - ceol agus amhráin Shéamuis Uí Bheaglaoich.
Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuir an clár i láthair.

Ceol a'Ghleanna
Ceiliúradh ar shaol agus ar cheol Shéamuis Uí Bheaglaoich - laoch, fathach, rógaire agus Gael, mar a chuir Ciarán Ó Maonaigh síos air.

An Braon Gaelach
Ceol agus amhrán in ómós do Shéamus, le Nicole Ní Dhubhshláine.