Dé Domhnaigh 11 Nollaig, cuirfear tús le mionshraith ceithre chlár faoin bhfile Corcaíoch Máire Bhuí Ní Laoghaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is iad an tOllamh Tríona Ní Shíocháin ó Ollscoil Mhá Nuad, saineolaí aitheanta ar shaothar Mháire Bhuí Ní Laoghaire (1774-c.1848), agus Paula McCarthy, múinteoir agus craoltóir raidió arbh í Máire Bhuí a sin sin-sin-sin-sean-mháthair, a chuirfidh an tsraith i láthair gach Domhnach ag 7 pm.

Rugadh Máire Bhuí i dTuairín na nÉan i gceantar Bhéal Átha an Ghaorthaidh i gCo Chorcaí. Phós sí Séamus de Búrca, agus chuir siad fúthu ar dtús in Oileán Eidhneach Beag, agus ansin sna hInsí in aice le Céim an Fhia. Ní raibh scríobh ná léamh ag Máire Bhuí, ach bhí sí báite i dtraidisiún béil na haoise sin agus tuiscint ghrinn aici ar nósanna cumadóireachta a linne. Is é Cath Chéim an Fhia an t-amhrán is mó dá cuid a bhfuil cáil air.

Sa tsraith seo, tugann Paula McCarthy turas ar na ceantair éagsúla i nGaeltacht Chorcaí atá ceangailte le Máire Bhuí, agus labhrann sí le daoine a bhfuil gaol acu le Máire Bhuí chun eolas agus tuiscint a fháil ar a saol.

Labhrann An tOllamh Tríona Ní Shíocháin le cuid d'amhránaithe ban Mhúscraí, a dhéanfaidh cur síos ar an gceangal a bhraitheann siad leis an mbanfhile cáiliúil, agus mar a cuireadh a cuid amhrán ó ghlúin go glúin.

Cloisfidh muid cur síos ó staraithe agus ó lucht acadúil ar an tréimhse stairúil sin inar mhair sí, agus ar thábhacht Uí Laoghaire sa traidisiún, agus beidh samplaí dá cuid amhrán le cloisteáil freisin.

Orthu siúd a bheas páirteach sa tsraith beidh Máire Ní Chéileachair, Nell Ní Chróinín, Peadar Ó Riada, an staraí Seán Ó Súilleabháin, an tOllamh Emeritus Alan Titley, Áine Uí Chuíll, Eibhlís Uí Thuama, Gobnait Ní Chrualaoi, William McCarthy agus Ann McGrath.

Craolfar Cérbh í Máire Bhuí Ní Laoghaire Dé Domhnaigh 11 Nollaig, 18 Nollaig, 1 Eanáir agus 8 Eanáir ag 7 pm. Is féidir éisteacht siar leis an gclár ar an suíomh idirlín anseo.

_________________________

A new series about legendary Cork poet Máire Bhuí Ní Laoghaire starts on Sunday 11 December 7 pm.