Tá sé fógartha againn inniu gurb í Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh i láthair Corn Uí Riada beo ó Oireachtas na Samhna i gCill Airne i mbliana. Craolfaidh an stáisiún níos mó ná fiche uair an chloig de chláracha beo ón bhféile ón Déardaoin go dtí an Domhnach.

Craolfar príomh-chomórtas sean-nóis na féile beo ón INEC ag 7 pm Dé Sathairn, agus is í Eagraí Ceoil na seirbhíse Neansaí Ní Choisdealbha a bheidh ina Bean an Tí. Bronnfar Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin mar chuid den ócáid sin, gradam a thugann aitheantas agus ómós do dhuine a bhfuil obair mhór déanta acu ar son na teanga agus an chultúir.

Craolfar Mórchomórtais Sean-Nóis na mBan agus na bhFear beo ón bhféile freisin. Is iad Áine Hensey agus Pádraig Ó Sé a chuirfidh i láthair Comórtas na mBan Déardaoin ag 7 pm, agus is iad Róisín Ní Chéileachair agus Séamus Ó Scanláin a chuirfidh Comórtas na bhFear i láthair Dé hAoine ag 7 pm.

Deir Neansaí Ní Choisdealbha:
"Tugann na comórtais sean-nóis ag Oireachtas na Samhna an t-ardán is airde dár gcultúr agus dár dtraidisiún. Is onóir mhór domsa comórtas Chorn Uí Riada a chur i láthair i mbliana, buaicphointe fhéile mhór na nGael agus na Gaeilge."

Deir Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta:
"Bliain an-speisialta í an bhliain seo agus muid ag ceiliúradh leathchéad bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar sin tá sé iontach go bhfuil muid ag filleadh ar Oireachtas na Samhna, na comórtais, an comhluadar, an chraic agus an teacht le chéile. Tá ceangal agus gaol ag RTÉ Raidió na Gaeltachta leis an Oireachtas a théann siar chomh fada céanna, agus tá an tseachtain seo ar cheann de mhórimeachtaí na bliana i bhféilire craolta an stáisiúin."

"Ba mhaith liom an deis seo a thapú a 125 bliain a thréaslú leis an Oireachtas. Níl cur síos ar an obair atá déanta acu, agus luach na hoibre sin, le blianta fada.Guím gach rath ar an bhféile, gach duine a bheidh ag taisteal ann, le Neansaí agus í ag láithriú Corn Uí Riada, agus le foireann iomlán an raidió a bheidh ag obair go dian dícheallach thíos ann."

Is ócáid faoi leith a bheas in Oireachtas 2022 do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an stáisiún ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an bhfód i mbliana agus ba mhaith leo cuireadh a thabhairt don phobal a bheith ina gcomhluadar do na cláracha beo ón bhfáiltiú sa Gleneagle. Is iad Helen Ní Shé agus foireann An Saol ó Dheas a chuirfidh tús leis an gcraoladh sin Déardaoin tar éis príomhscéalta an mheánlae. Beidh agallaimh agus ceol beo acu dúinn beo ón bhfáiltiú Déardaoin agus Dé hAoine. Maidin Dé hAoine, beidh Máire-Bríd Ní Chualáin sa chathaoir le clár speisialta Oireachtais d'Iris Aniar ón bhfáiltiú, agus ag 3 pm beidh Áine Ní Bhreisleáin réidh chun dhá uair an chloig de cheol, spraoi agus siamsaíocht a chur i láthair dúinn ar Bhladhaire. I measc na n-aíonna ar an gclár beidh an grúpa Hello Len, ceoltóirí óga traidisiúnta as Baile Átha Cliath, agus ríthe Chlub na Féile, Pólca 4. Dé Sathairn ag meánlae a chraolfar an clár deireanach ón bhfáiltiú, Seó an Oireachtais, le Pádraig Ó Sé agus Máire-Bríd Ní Chualáin, agus beidh neart ceoil agus féiríní acu don lucht féachana a bheas i láthair.

Beidh craoladh beo ón Ródaí freisin mar chuid den sceideal, agus beidh Adhmhaidin ag teacht beo ón láthair Déardaoin agus Dé hAoine ag 8 am, agus An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra Dé Sathairn ag 11 am.

Dé Domhnaigh, craolfar an t-aifreann beo ó Shéipéal an Aiséirithe i gCill Airne, agus ansin is iad Neansaí Ní Choisdealbha agus Bairbre Uí Choisdealbha a chuirfidh clabhsúr leis an gcraoladh beo ó #OnaS2022 le Togha agus Rogha ón Ródaí ó 11.45 am.

Mar chuid de chraoladh an Oireachtais ar RTÉ RnaG, beidh clár speisialta ann Déardaoin ag 3 pm ag caitheamh súil siar ar na míreanna is fearr ón gclár Rónán Beo ón Oireachtas thar na blianta.

Beidh sruthú beo ar na comórtais sean-nóis le feiceáil ar leathanach Facebook an Raidió, agus beidh físeáin agus pictiúirí ón gcraoladh ag dul suas ar na hardáin éagsúla ar na meáin shóisialta i gcaitheamh na féile, ar Twitter agus Instagram.