Fógrófar Cáinaisnéis 2023 Dé Máirt 27 Meán Fómhair, agus ar an gclár Lá na Cáinaisnéise beo ó Theach Laighean ó 1.30 pm an lá sin déanfaidh Máirín Ní Ghadhra agus painéal saineolaithe an cháinaisnéis a chíoradh go mion.

Déanfar plé ar na cinnithe atá déanta ag an rialtas, na fáthanna a bhaineann leo, agus na himpleachtaí don phobal agus d'earnáil éagsúla. Orthu siúd a bheas ar an bpainéal, beidh an comhairleoir cánach Ciarán Ó Feinneadh, an saineolaí airgeadais Conall Ó Móráin, an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin, agus Tuairisceoir Polaitíochta RTÉ RnaG Eoin Ó Catháin. Cloisfidh muid ó pholaiteoirí ó na páirtithe éagsúla freisin faoina ndearcadh siúd ar an méid atá fógartha chomh maith.

Ansin ag 5 pm, cuirfidh Fachtna Ó Drisceoil an clár Tús Áite i láthair beo ó Theach Laighean, dírithe ar Cháinaisnéis 2023. Orthu siúd a bheas ar an bpaineál ar an gclár sin, beidh Ciarán Mac an Bhaird, Ceann Scoile Fiontar agus Scoil na Gaeilge i DCU agus Frank Allen, Comhairleoir Infrastruchtúir agus Cathaoirleach ar an nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta. Beidh ionadaithe ón rialtas agus ón bhfreasúra freisin i mbun díospóireachta ar an gclár.

__________________________

Live coverage from Leinster House of Budget 2023 from 1.30 pm on Tuesday 27 September.