Tá folúntas againn do Chlár Reachtaire i nDoirí Beaga i gCo. Dhún na nGall faoi láthair. Ina theannta sin, tá súil againn painéal a bhunú as a bhféadfar aon fholúntais a d'fhéadfadh teacht chun cinn i nDún na nGall a líonadh amach anseo.
Oibríonn an Clár Reachtaire i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.
I measc na ndualgas a bheidh ar an gClár Reachtaire, beidh:
- Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla
- Obair iriseoireachta agus tuairisciú
- Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu
- Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile
- Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta
Tá muid ag lorg daoine leis na tréithe seo a leanas:
- Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt
- Taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta
- Tuiscint faoi leith ar chultúr agus polaitíocht na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta
- Cruthaitheacht, fiosracht agus samhlaíocht
- Tuiscint ar an nuacht agus an cumas chun breith stuama eagarthóireachta a thabhairt
- Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth agus a bheith in ann oibriú as a stuaim féin nó mar chuid d’fhoireann léiriúcháin
- Scil agus spéis in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun críche nuachta, chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an lucht éisteachta
- Suim agus eolas acu faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal
Beidh solúbthacht agus uaireanta neamhrialta i gceist, an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh taisteal i gceist ó am go chéile ag brath ar na dualgais oibre. Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse. Cuirfear traenáil ar fáil de réir mar a theastaíonn.
Tabharfar conradh ar fheidhm sheasta don té a n-éireoidh léi/leis sa chomórtas le scála tuarastail €47,298 - €63,377 sa bhliain.
Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh. Ba chóir píosa 500 focal a bheith sa litir chumhdaigh a dhéanann cur síos ar na cúiseanna gur mhaith leis an iarrthóir a bheith ina Chlár Reachtaire agus an méid gur mhaith leis/léi a bhaint amach sa ról. Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais ná Dé Luain, an 26 Meán Fómhair 2022, ag a 5i.n.
Is féidir breis eolais a fháil, agus cur isteach ar an bpost, ag an nasc seo