Seoladh togra speisialta inniu, 9 Meán Fómhair, mar chuid de cheiliúradh leathchéad bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta, sraith podchraoltaí ó chartlann Dhoirí Beaga, DBG50.

Cuirfear caoga clár faisnéise a rinneadh i réigiún an tuaiscirt ar fáil don phobal mar chuid den togra seo, agus cuireadh an chéad chúig chlár ar fáil Dé hAoine 9 Meán Fómhair. Foilseofar a thuilleadh cláracha gach seachtain ar na hardáin éagsúla, leithéidí Spotify, Apple agus Podcasts, as seo go Nollaig.

Dúirt Damien Ó Dónaill, Bainisteoir Réigiún an Tuaiscirt:

"Is beag a shíl leithéidí Seosamh Mac Grianna, Seán Ó hEochaidh agus a macasamhail go mbeadh a nglórthaí le cloisteáil ar Spotify agus ar na hardáin sruthála, ach beidh as seo amach, a bhuíochas don obair mhór a rinne foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta le caoga bliain anuas ag caint leis an phobal agus ag caomhnú an ábhair seo sa chartlann."

"Is minic a dúradh liom gur ollscoil Ghaeilge a bhí i gcartlann an Raidió mar gheall ar an saibhreas cainte a bhí ar fáil ann, ach ní amháin cúrsaí teanga atá i gceist ansin ach sílim gur ollscoil staire atá ann fosta, mar go bhfuil taifead déanta ann ar eachtraí staire na Gaeltachta le caoga bliain anuas chomh maith. Bheinn ag súil go mbainfidh ollscoltacha agus lucht foghlama na Gaeilge tairbhe agus buntáiste as an mhéid a bheas ar fáil anois."

Is í Póilín Nic Géidigh atá i mbun oibre ar an togra seo.

Deir Póilín:

"Tá mé iontach bródúil a bheith mar ghlór don tsraith DBG50, mar chuid de cheiliúradh caoga bliain RnaG. Is mór an onóir a bheith ag obair sa Raidió agus muid ag bogadh isteach níos mó sa ré dhigiteach. Tá mé fíor-shásta go bhfuil muid ábalta an t-ábhar luachmhar seo a rannt leis an phobal ar fud an domhain ar líne, agus go mbeidh na glórtha seo, atá beo i gcónaí sa chartlann, beo in intinn an phobail chomh maith."

Is iad seo an chéad chúig clár sa tsraith, atá ar fáil anois ar na hardáin sruthála:

Cniotáil (2015)
Clár faoi stair thionscal cniotála Iarthar Dhún na nGall, áit a raibh suas le 20,000 duine ag cniotáil geansaithe Árannacha ag am amháin.

Mo Shaol ar Thithe Solais na hÉireann (1978)
Chaith Tomás Ó Baoill seacht mbliana ar thithe solais thart ar chósta na hÉireann. Labhrann sé le Timlín Ó Cearnaigh faoin tréimhse sin.

Go Domhain san Fharraige (2018)
Caitheann Dónall Mac Ruairí trí lá ar bhád crúbóg amach ó chósta Thír Chonaill le léargas a fháil ar na dúshláin a bhaineann leis an obair seo.

Cártaí le Seán Ó hEochaidh (1977)
Clár faoi chártaí; na piseoga a bhaineann leo agus lena n-imirt.

Bád Chlós Mhíobhaigh (2014)
Clár faoi Bhád Chlós Mhíobhaigh sna Dúnaibh, a thóg Bord na gCeantar Cúng i 1910.

Foilseofar cláracha nua gach seachtain as seo go Nollaig sa tsraith DBG50. Is féidir teacht orthu ar shuíomhanna idirlín Raidió na Gaeltachta agus RTÉ, agus ar na hardáin sruthála uilig. Féach www.rte.ie/radio/podcasts