Tá folúntas do Chlár Reachtaire againn i gCasla i gCo. na Gaillimhe faoi láthair. Ina theannta sin, tá súil againn painéal a bhunú as a bhféadfar aon fholúntais a d'fhéadfadh teacht chun cinn a líonadh amach anseo. Oibríonn an Clár Reachtaire i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.I measc na ndualgas a bheidh ar an gClár Reachtaire, beidh:

  • Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla
  • Obair iriseoireachta agus tuairisciú
  • Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu
  • Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile
  • Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta

Tá muid ag lorg daoine leis na tréithe seo a leanas:

  • Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt
  • Taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta
  • Tuiscint faoi leith ar shaol cultúrtha agus polaitíochta na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta
  • Cruthaitheacht, fiosracht agus samhlaíocht
  • Tuiscint ar an nuacht agus an cumas chun breith stuama eagarthóireachta a thabhairt
  • Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth agus a bheith in ann oibriú as a stuaim féin nó mar chuid d’fhoireann léiriúcháin
  • Scil agus spéis in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun críche nuachta, chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an lucht éisteachta
  • Suim agus eolas acu faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal

Beidh solúbthacht agus uaireanta neamhrialta i gceist, an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh taisteal i gceist ó am go chéile ag brath ar na dualgais oibre. Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse. Cuirfear traenáil ar fáil de réir mar a theastaíonn.

Conradh lán aimseartha ar bhonn leanúnach le scála tuarastail ó €47,298 - €63,377 sa bhliain atá á thairiscint.

Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh. Ba chóir píosa 500 focal a bheith sa litir chumhdaigh a dhéanann cur síos ar na cúiseanna gur mhaith leis an iarrthóir a bheith ina Chlár Reachtaire agus an méid gur mhaith leis/léi a bhaint amach sa ról. Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.

Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas ná Dé hAoine, 29 Iúil 2022 5 i.n.

Is féidir breis eolais a fháil, agus cur isteach ar an bpost, ag an nasc seo