Tá tús curtha le Sceideal an tSamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus tá roinnt cláracha nua ar an aer mar chuid den sceideal sin, agus beidh roinnt sraitheanna nua eile ag tosú amach sa samhradh i mí Iúil freisin.

Gach Máirt ag 2.05 pm craolfar an tsraith nua Dúshlán na Feirme le Treasa Bhreathnach. Tá brú níos mó ná riamh ar fheirmeoirí an lae inniu agus sa chlár seo labhrann Treasa le feirmeoirí ar fud na tíre le tuiscint a fháil ar a gcuid oibre agus ar na dúshláin atá rompu.

Gach Domhnach ag 11 pm, tá an clár nua Brisim Achan Riail le Seán Ó Dubhchon agus Emma Ní Chearúil le cloisteáil. Tá an tsraith seo dírithe ar cheol na mionteangacha, agus ar an nasc atá idir ceol, teanga agus pobal. Ar chuid de na haíonna a bheas le cloisteáil sa chlár, beidh Huw Stephens (BBC agus Other Voices), DJ Próvaí (Kneecap), Muireann Nic Amhlaoibh, Ani Glass, Tomaí Ó Conghaile (nós.ie), agus neart eile.

Bhí an-tóir ag éisteoirí ar na cláracha An Chéad Ghlúin Eile agus Aistí ón Aer anuraidh, agus tá na sraitheanna sin ar ais i mbliana. Gach Domhnach ag 6.30 pm, bíonn Séamus Ó Scanláin sa chathaoir agus é i mbun comhrá le cuid de Ghaeilgeoirí óga na linne seo faoi chúrsaí an tsaoil. Beidh An tAthair Daniel Gallagher, Darren Ó Dubhgáin, Seoirsín Bashford agus Emma Ní Chearúil ar chuid acu siúd a bheas faoi agallamh i mbliana. Is é Marcus Mac Conghail a chuireann Aistí ón Aer i láthair gach Luan ag 2.05 pm, agus sa chlár cloiseann muid meascán de thuairimí, de thaithí saoil, is de chuimhní cinn, ó scríbhneoirí nua agus aitheanta araon.

Gach Aoine, craoltar an clár Cinnéideach na gCluainte. Ba Ollamh le Ceimic Neamhorgánach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, ab ea Seán Ó Cinnéide (1922-2009) ós na Cluainte, Baile an Fheirtéaraigh agus sa tsraith seo ón gcartlann, beidh éachtaint againn ar a shár-intleacht agus léargas ar a thuiscint ar mhór-cheisteanna na heolaíochta.

Chomh maith leis na cláracha nua seo, tá Caoimhín Ó Sé ar ais le sraith eile den chlár Tobar an Cheoil ó Luan go hAoine ag 10.15 am, agus tá Pádraig Ó Sé ar ais le Comhrá an Tráthnóna gach Céadaoin ag 2.05 pm.

Tá roinnt athruithe ar chláracha eile sa sceideal, ó thaobh láithriú agus ama de. Is í Bairbre Uí Choisdealbha a bheas sa chathaoir don chlár Togha agus Rogha gach Domhnach ag 11.45 am ar feadh an tsamhraidh agus ceol breá agus tomhaiseanna aici dúinn. Tá an clár Cas Ceirnín athraithe go dtí maidin Dé Sathairn ag 10 am, agus is é Pádraig Ó Braonáin a bheidh sa chathaoir le hiarratais agus neart duaiseanna gach seachtain. Beidh Binneas Béil ar an aer gach lá ó Luan go hAoine ó 3 pm go 5 pm sa samhradh. Beidh Áine Hensey sa chathaoir mar is gnáth ó Luan go Céadaoin, agus is é Pádraig Ó Sé a bheas ag láithriú don dá lá eile.

Dóibh siúd a bhíonn ag tabhairt cluas éisteachta do Bhaile an Droichid, tá am an chláir sin athraithe go dtí 10.40 am Dé Domhnaigh anois, agus tá Béal Maidine le cloisteáil ag 8 am seachas 7.30 am sa samhradh, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

Beidh neart spóirt againn daoibh sa samhradh freisin, clúdach ar na cluichí móra áitiúla, idirchontae agus náisiúnta ar Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna agus Spórt an Lae gach deireadh seachtaine.

Tá gach eolas faoi chláracha RnaG le fáil ag www.rte.ie/rnag, agus is féidir éisteacht siar le cláracha atá craolta cheana ansin, agus tá na podchraoltaí ar fad ar fáil ar an suíomh, chomh maith leis na gnáth-ardáin eile, leithéidí Spotify, Apple Podcasts srl.