Bronnadh an gradam do Láithreoir Raidió na Bliana ar Mhichelle Nic Grianna ag Féile na Méan Ceilteach a bhí ar siúl i Quimper na Briotáine an tseachtain seo caite.

Is í Michelle a bhíonn sa chathaoir d'irischlár an tuaiscirt, Barrscéalta, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Luan go hAoine agus tá sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 2004. Is i nGlaschú na hAlban a rugadh í, ach bhog sí go Rann na Feirste ina cailín óg agus is ann atá cónaí uirthi ó shin. Tá sé de bhua ag Michelle go bhfuil sí in ann agallaimh thromchúiseacha agus míreanna spraíúla araon a chur i láthair, agus a cuid aíonna a chur ar a gcompord. Bhí sí ar dhuine de na láithreoirí do choirm mhór cheiliúrtha caoga bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta i mí Aibreáin.

Dúirt Michelle:
"Tá mé iontach sásta go bhfuair muid an deis taisteal go Quimper, agus go bhfuil an gradam seo bronnta orm. Tá mé fíor-bhuíoch don choiste agus don fhoireann uilig in RTÉ Raidió na Gaeltachta, go háirithe foireann Dhún na nGall. Gradam é seo d’achan nduine, go mórmhór mo léiritheoir Dónall Mac Ruairí. Ní bheadh mé ábalta an jab a dhéanamh gan duine maith mar é ar an stiúir."

Dúirt Bainisteoir Réigiún an Tuaiscirt Damien Ó Dónaill:
"Comhghairdeas le Michelle Nic Grianna ar a gradam. Is craoltóir den chéad scoth í Michelle, agus tá an duais agus an t-aitheantas idirnáisiúnta seo tuillte go maith aici."

Seo an dara huair do Mhichelle Nic Grianna an gradam seo a thabhairt léi. Bhuaigh sí sa bhliain 2015 freisin.

______________________

RTÉ Raidió na Gaeltachta Donegal broadcaster Michelle Nic Grianna was presented with the award for Radio Presenter of the Year at the Celtic Media Festival in Quimper in Brittany last week.