Is é RTÉ eagraíocht náisiúnta meán cumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann. Cuireann RTÉ, atá chun cinn sna meáin in Éirinn, seirbhísí ilmheán saor go haer atá cuimsitheach agus costas-éifeachtach ar fáil do phobal na hÉireann agus do lucht féachana agus éisteachta spéise go hidirnáisiúnta.

Tá folúntas anois ann d'Innealtóir Léiriúcháin Réigiúnach, a thuairiscíonn don Bhainisteoir Oibríochtaí Réigiúnach. Is ról é seo lena mbaineann réimse leathan agus ilchineálach agus a bhíonn ag déileáil le gach gné de léiriú na meán i dtimpeallacht oibríochta réigiúnach lena mbaineann spriocanna ama dochta agus brú leanúnach chun réimse leathan ábhar a sheachadadh ar an gcáilíocht agus ar an gcaighdeán is airde agus ar an mbealach is éifeachtaí.

Éilítear leis an ról a bheith ag obair i gcomhar leis an bhfoireann Oibríochtaí Réigiúnach i dtaobh ábhar a léiriú, i dtaobh tacaíocht Fuaime, Físe, Stiúideo agus Craolta Sheachtraigh a thabhairt. Ós rud é gur ról é seo lena mbaineann réimse leathan agus ilchineálach d'fhéadfadh freagrachtaí a bheith ag baint le haon ghné de chúrsaí léiriúcháin meán agus athróidh an ról ag brath ar an ról a shannfar. Cuirfear oiliúint ar fáil nuair is gá.

D'fhéadfadh sé go n-áireofaí an méid seo a leanas i measc na bpríomhfhreagrachtaí:

  • Tacú le hábhar meán a sheachadadh ar an mbealach is éifeachtaí agus ar an gcaighdeán is airde
  • Fadhbanna a réiteach sna córais agus trealamh craolta agus sna córais agus trealamh gaolmhar
  • Feidhmiú an tseomra stiúrtha
  • Feidhmiú stiúideo, fuaim agus fís araon
  • Tacaíocht agus feidhmiú an chórais Craolta Sheachtraigh
  • Tacaíocht TF
  • Tacaíocht do gach soláthróir, formáid agus ardáin ábhar
  • Eagarthóireacht Fuaime agus Físe
  • Obair Thionscadail

Léireoidh an t-iarratasóir a n-éireoidh leis go bhfuil sé ábalta oibriú as a stuaim féin agus mar chuid d'fhoireann. Beidh sé/sí díocasach díograiseach, beidh scileanna láidre eagrúcháin, ceannasaíochta agus cumarsáide aige/aici, chomh maith leis na nithe seo a leanas:

  • Cáilíocht tríú leibhéal i ndisciplín ábhartha chuí
  • Ábalta oibriú i dtimpeallachtaí beo lena mbaineann brú
  • Tuiscint ar phrótacail aistrithe fuaime agus físe éagsúla
  • Eolas agus tuiscint ar nósanna imeachta Sláinte agus Sábháilteachta
  • Solúbthacht maidir le hoibriú in aon cháil oibríochta de réir mar a éilíonn riachtanais léirithe
  • Scileanna idirphearsanta den scoth
  • Cumas láidir fadhbanna a réiteach agus an cumas aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna de réir mar a thagann siad aníos agus iad a réiteach
  • Tuiscint mhaith ar na próisis léiriúcháin fuaime agus físe
  • Toilteanach scileanna nua agus teicneolaíochtaí nua a fhoghlaim de réir mar a éilíonn an t- athrú seasta a thagann ar réimse na craoltóireachta
  • Sárchumas teicniúil
  • Inniúil ar fhoireann aipeanna Microsoft Office

Bheadh taithí ar 2 díobh seo a leanas ar a laghad inmhianta:

  • Oibríochtaí stiúideo beo nó Léiriúchán
  • Oibriú EFP nó ENG
  • Oibríochtaí an tSeomra Stiúrtha
  • Córais fuaime & Físe IP
  • Cothabháil Trealaimh Leictreonaigh
  • Fuaim bheo agus ceol beo a mheascadh agus a thaifeadadh do chraoladh, go hidéalach i dtimpeallacht craolta sheachtraigh

Is i RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara, Co. na Gaillimhe a bheidh an ról lonnaithe den chuid is mó, ach, beidh ar an iarratasóir a n-éireoidh leis a bheith ag obair i láithreacha eile áfach, ag teacht le héilimh léiriúcháin, mar sin, beidh gá le ceadúnas tiomána aicme B iomlán glan.Is i dtimpeallacht arb í an Ghaeilge an phríomhtheanga a bheidh an ról seo bunaithe, agus dá bhrí sin, breithneofar líofacht sa Ghaeilge, scríofa agus labhartha araon, a bheith ina bhuntáiste ar leith.

Sa chás go n-aithnítear níos mó ná iarratasóir oiriúnach amháin don ról d'fhéadfaí painéal a chur le chéile óna líonfaí folúntais a d'fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo. Ní hionann áit a fháil ar an bpainéal seo agus ceart post a fháil tráth a mbeadh ceann ar fáil.

Éilítear leis an ról go mbeifí ábalta uaireanta neamhrialta a oibriú lena mbaineann dliteanas seala 7 lá na seachtaine.

Beidh an ceapachán seo á thairiscint ar théarma conradh leanúnach ar Ghrád an Innealtóra Léiriúcháin Réigiúnaigh idir €39,008 agus €65,500 sa bhliain.

Tugtar cuireadh d'iarratasóirí Curriculum Vitae a sheoladh ar aghaidh in éineacht le litir chumhdaigh ina dtugtar achoimre ar a n-oiriúnacht don ról (ní mór iad a bheith faoi iamh mar aon cháipéis amháin le linn an phróisis iarratais).

Is é 10am, Dé Máirt, an 7 Meitheamh 2022 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Tá RTÉ tiomanta i leith na héagsúlachta ina fhórsa saothair agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí ilghnéitheacha acu.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge.

Is fostóir comhdheiseanna é RTÉ agus breithneofar iarratais cháilithe gan aird a thabhairt ar chúrsaí inscne, ar chlaonadh gnéis, ar fhéiniúlacht inscne, ar aois, ar thaithí sóisialta, ar chine agus ar eitneacht, ar mhíchumas, ar stádas sibhialta agus teaghlaigh, ar chreideamh reiligiúnach ná ar bhallraíocht den Lucht Siúil.

Is féidir cur isteach ar an bpost ag an nasc seo