Beidh lucht peile ó gach cearn den tír ag tabhairt aghaidh ar Leitir Móir i gConamara an deireadh seachtaine seo do Chomórtas Peile na Gaeltachta, agus beidh muide in RTÉ Raidió na Gaeltachta ansin i lár an aonaigh le clúdach ar gach uile chluiche ó mhaidin Dé Sathairn go dtí tráthnóna Dé Luain.

Dé hAoine, tosóidh an craoladh le heagrán speisialta d'Iris Aniar beo ó Pháirc an Mháimín ag 9.15 am. Is í Fionnuala Uí Neachtain a bheas sa chathaoir, agus neart aíonna ina cuideachta, agus iad ag caitheamh súil chun cinn ar imeachtaí an deireadh seachtaine.

Maidin Dé Sathairn, tosófar ar an gcraoladh spóirt ag 11 am, agus leanfaidh an clúdach ar feadh an lae go dtí 9 pm. Beidh tuairiscí agus tráchtaireacht ar na cluichí uilig ón Mháimín, as Ros Muc, ón gCeathrú Rua agus as Ros a Mhíl.

Dé Domhnaigh, tosóidh an clúdach ag 10.45 am, agus leanfaidh sé go dtí 9 pm. Ansin, maidin Dé Luain beidh criú Iris Aniar thiar i bPáirc an Mháimín arís le clár speisialta beo ag 9.15 am. Beidh siad ag caitheamh súil siar ar imeachtaí an deireadh seachtaine, agus súil chun cinn ar na cluichí ceannais níos deireanaí sa lá, agus beidh ceol beo acu dúinn freisin. Tosóidh an clúdach spóirt ag 11.30 am agus leanfar leis nó go mbronnfar an corn ar bhuaiteoir Chluiche Ceannais Sinsir na bhFear tráthnóna.

Déanfar an tarraingt do Chraobh Peile na Gaillimhe 2022 beo ar an gclár Dé Luain freisin, craobhacha sóisir, idirmheánach agus sinsir san áireamh, agus is é Uachtarán CLG Larry McCarthy a dhéanfaidh na tarraingtí idirmheánach agus sinsir.

Beidh Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Páirc an Mháimín don deireadh seachtaine, agus neart féiríní acu do lucht tacaíochta na bhfoirne a bheas i láthair. Beidh pictiúirí agus físeáin ón gcomórtas le feiceáil ar mheáin shóisialta an stáisiúin i gcaitheamh an deireadh seachtaine chomh maith.

Tabhair cluas do Chomórtas Peile na Gaeltachta beo ó Chonamara ar feadh an deireadh seachtaine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag tosú maidin Dé Sathairn ag 11 am.

Beidh na cláracha ó gComórtas Peile le cloisteáil anseo i ndiaidh a gcraolta.