Beidh clúdach cuimsitheach ar thorthaí thoghchán Chomhthionól an Tuaiscirt ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an gclár Lá an Chomhairimh Dé hAoine 6 Bealtaine ag tosú ag 1.30 pm, agus leanfar leis an anailís thar an deireadh seachtaine ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

Rachaidh pobal na Sé Chontae chuig na bothanna vótála Déardaoin, agus Dé hAoine ar an gclár Lá an Chomhairimh beidh tuairiscí beo ó na hionaid chomhairimh uilig ar na torthaí, agus plé agus anailís ar an méid atá ag titim amach. Is iad Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra a chuirfidh an clár i láthair, ag tosú ag 1.30 pm agus ag leanacht go dtí 10 pm san oíche. Orthu siúd a bheidh ar an bpainéal, beidh Póilín Ní Chiaráin, Ian Malcolm, Eoin Ó Néill, Ciarán Ó Pronntaigh, Máirín Hurndall, Máirtín Ó Muilleoir agus Fearghal Mac Bhloscaidh.

Dé Sathairn, beidh eagrán speisialta den tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ann ó 10.30 am go dtí 1 pm, agus beidh an clár ar an aer arís Dé Domhnaigh ag 10 am le tuilleadh plé a dhéanamh ar thorthaí an toghcháin. Ar na haíonna a bheidh i gcuideachta Mháirín do na cláracha sin, beidh Fergus Ó hÍr, Ciarán Mac Giolla Bhéin, Clíona Ní Chorráin, Somhairle Mac Uidhir, Gearóid Ó Muilleoir, Somhairle Mac Uidhir, Jake Mac Siacais and Mícheál Mac Giolla Ghunna.

Craolfar Lá an Chomhairimh agus An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó stiúideo Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Beidh tuairiscí ar thorthaí an toghcháin le cloisteáil ar na feasacháin nuachta i gcaitheamh an lae Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, leis.