Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an bhfód ar 2 Aibreán, agus reáchtálfar coirm cheoil fíor-speisialta i gcroílár na Gaeltachta an tráthnóna sin chun an ócáid stairiúil seo a chomóradh. Beidh Ceolfhoireann RTÉ agus plúr na gceoltóirí traidisiúnta páirteach sa choirm, ina measc Altan, Iarla Ó Lionáird, Steve Cooney, Muireann Nic Amhlaoibh, Cór Chúil Aodha, agus neart eile.
Is iad misneach, féiniúlacht agus mórtas cine na príomh-théamaí a bheas ag an gcoirm ar 2 Aibreán, dar teideal RTÉ Raidió na Gaeltachta 50. Tabharfar chun cuimhne an cath a troideadh chun seirbhís raidió a fháil do mhuintir na Gaeltachta, déanfar ceiliúradh ar bhunú agus ar stair na seirbhíse ó shin, agus ar an ról lárnach atá ag Raidió na Gaeltachta i gcothú agus i gcur chun cinn na teanga agus an chultúir le leathchéad bliain anuas. Beidh ceoltóirí ó cheantair Ghaeltachta uile na tíre páirteach san ócáid stairiúil seo, a bheas á craoladh beo ar an raidió agus le feiceáil ar líne freisin.
Tháinig RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair ar 2 Aibreán 1972, Domhnach Cásca, de bharr feachtas de chuid Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a d'éiligh seirbhís laethúil raidió ina dteanga féin do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Chruthaigh an tseirbhís raidió nua nasc idir na ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre, agus cheadaigh sé sin dóibh aithne a chur ar a chéile agus tuiscint a fháil ar na canúintí éagsúla. Tá ról lárnach ag Raidió na Gaeltachta ó shin i gcothú na teanga agus an chultúir. Tá tús áite tugtha don cheol traidisiúnta agus don amhránaíocht ar an sean-nós sa chraoladh, agus tábhacht le cúrsaí spóirt, na cluichí Gaelacha go háirithe, freisin. Tá béim faoi leith ar an tseirbhís nuachta agus ar chúrsaí reatha Gaeltachta agus náisiúnta sa sceideal.
Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: "Léireoidh an choirm cheoil fíor-speisialta seo beocht, saibhreas, dúchas, muinín, misneach agus mórtas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ceiliúradh ar an bpobal sin a bheas san ócáid seo, an dream a chuaigh i mbun stocaireachta le Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus a throid ar son a gcearta, iad siúd a bhunaigh an raidió i dtús na seachtóidí agus iad siúd a bhí agus atá ag obair ann, na daoine a éisteann go dílis leis an tseirbhís, gach aon duine a bhfuil baint nó páirt acu le saol na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus na daoine óga atá ag fás aníos inniu agus a choinneoidh an lóchrann lasta."
"Imeacht ar leith a bheidh i gceist, a chraolfar beo ó chroílár na Gaeltachta, a thabharfaidh deis do cheoltóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta, ealíontóirí óga, damhsóirí agus amhránaithe, an stáitse a roinnt le Ceolfhoireann RTÉ. Is fada ó bhí ócáid cheoil chomh mór le seo in aon cheantar Gaeltachta, má bhí sé riamh ann, agus tá RTÉ Raidió na Gaeltachta an-bhródúil go bhfuil an teacht le chéile seo ann chun caoga bliain an raidió a chomóradh."
Orthu siúd a bheas ar stáitse ar 2 Aibreán, beidh Ceolfhoireann RTÉ, Altan, Cór Chúil Aodha, Iarla Ó Lionáird & Steve Cooney, Johnny Óg Connolly, Colm Mac Con Iomaire, The High Seas, Cormac Ó Beaglaoich, Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor, Gerry O’Beirne agus Seán Monaghan.
Chuidigh craoladh RTÉ Raidió na Gaeltachta go mór leis an athbheochan san amhránaíocht ar an sean-nós, agus tabharfar ómós dó sin sa choirm, leis. Ar na fonnadóirí a bheas páirteach, beidh Ciarán Ó Gealbháin, Máire Ní Choilm, Micheál Ó Confhaola, Caitlín Ní Chualáin, Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Étáin & Máire Ní Churraoin agus an t-amhránaí Albanach Griogair Labhruidh, a léireoidh an nasc idir na tíortha Ceilteacha.
Chuidigh Raidió na Gaeltachta leis an spéis sa cheol tíre a chothú agus a fhorbairt, agus beidh na hamhránaithe ceol tíre as Conamara Beartla Ó Domhnaill, Máirtín Beag Ó Gríofa agus Anna Marie Nic Dhonncha ar an ardán ar 2 Aibreán. Beidh an ghlúin óg páirteach freisin - na grúpaí Ceoltóirí Óga Chois Fharraige as Conamara agus An Crann Óg as Gaoth Dobhair - agus ní dhéanfar dearmad ar na damhsóirí ach oiread, beidh Róisín Ní Mhainín, Muintir Uí Iarnáin agus Muintir Uí Dhubháin ag bualadh steip ar an oíche.
Is iad Neansaí Ní Choisdealbha, Michelle Nic Grianna agus Sláine Ní Chathalláin a chuirfidh an ócáid i láthair. Is é David Brophy a bheas ag stiúradh na ceolfhoirne, agus is é Cormac McCarthy a rinne an cóiriú ar an gceol.
Is iad Aniar TV a léireoidh an clár, arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann. Craolfar buaicphointí na coirme i gclár teilifíse a bheidh le feiceáil ar RTÉ One ar 23 Aibreán.
Craolfar an choirm RTÉ Raidió na Gaeltachta 50 beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 7 pm Dé Sathairn 2 Aibreán, agus beidh sé le feiceáil beo ar líne freisin ag rte.ie/gaeilge.