Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód i mbliana, agus mar chuid den cheiliúradh sin tá sé beartaithe againn rogha den cheol agus den amhránaíocht is mó a chuaigh i bhfeidhm ar na héisteoirí ó 1972 a chur ar fáil mar albam.
Tháinig muid ar an aer ar 2 Aibreán 1972 agus tá an stáisiún fréamhaithe sa chultúr Gaelach ón gcéad lá. Déanfaidh an t-albam seo ceiliúradh ar chuid lárnach den chultúr sin, an ceol agus na hamhráin, atá ag croílár chraoladh an stáisiúin.
Beidh 3 dhlúthdhiosca san albam – ceann amháin atá dírithe ar an amhránaíocht ar an sean-nós, ceann amháin atá dírithe ar an gceol traidisiúnta, agus ceann eile dírithe ar amhráin a cumadh ó 1972 i leith.
Is rogha na n-éisteoirí a bheas le cloisteáil ar na dlúthdhioscaí seo, mar sin tá RnaG ag cuartú moltaí an phobail.
Tá siad chun díriú ar dtús báire ar an amhránaíocht ar an sean-nós, agus ba mhaith leo go dtiocfadh an pobal i dteagmháil leo le rá leo céard é an t-amhrán sean-nóis is fearr leo atá cloiste acu ar Raidió na Gaeltachta?
Is féidir litir a chur sa phost chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe, nó é a chur chucu ar ríomhphost rnag50@rte.ie as seo go dtí 11 Márta don rogha amhrán ar an sean-nós.
Ina dhiaidh sin, breathnóidh muid ar an dá dhlúthdhiosca eile ceann ar cheann, agus coinneoidh muid na héisteoirí ar an eolas nuair a bheas moltaí dóibh siúd á lorg againn.
Is faoi choiste de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheas sé an rogha deireanach a dhéanamh, bunaithe ar rogha an phobail. Tá sé i gceist go mbeadh ionadaíocht ó na Gaeltachtaí uilig san áireamh sa rogha, agus amhránaithe fir agus ban dár ndóigh.
Is iad Cló Iar-Chonnacht a chuirfidh an t-albam i gcló, agus beidh sé ar fáil freisin le híoslódáil i bhfoirm digiteach.