Is féidir breathnú ar na físeáin ag an nasc seo
_______________________________________


Cuirfear tús leis an tsraith nua Cuan an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin 20 Eanáir ag 7 pm. Sraith deich gclár a bheidh anseo, léiriú de chuid Stiúideo Cuan, agus is é Liam Ó Maonlaí a bheidh i gcathaoir an láithreora agus aoi cheoltóirí ina chuideachta gach seachtain.

Comhrá ceolmhar a bheidh le cloisteáil ag éisteoirí na sraithe, na ceoltóirí agus an láithreoir ar a gcompord. Beidh atmaisféar teolaí, pearsanta, machnamhach sna cláracha, agus beidh Liam i mbun comhcheoil leis na haíonna de réir mar a oireann, agus cá bhfios nach mbeadh roinnt tob-chumadóireachta le cloisteáil againn freisin.

Beidh deichniúr ceoltóirí aitheanta ó cheann ceann na tíre páirteach sa tsraith seo a thabharfaidh ardán do cheol nua, agus do smaointeoireacht nua agus Liam ag plé mór-théamaí an tsaoil agus an cheoil leis na pearsaí éagsúla a bheas sa stiúideo leis ó sheachtain go seachtain.

Is iad Síle Denvir agus Barry Kerr na haíonna a bheas le cloisteáil sa chéad chlár. As Conamara do Shíle, ball den ghrúpa Líadan, agus tá an domhan siúlta aici leis an ngrúpa sin agus le The Chieftains freisin. Ina teannta ar an gclár beidh Barry Kerr, ceoltóir, cumadóir agus péintéir as Ard Mhacha ó dhúchas ach cónaí air anois i gConamara.

Ar na ceoltóirí eile a bheas páirteach sa tsraith, beidh:

Colm Mac Con Iomaire
Mairéad Ní Mhaonaigh & Nia Byrne
Peadar Ó Riada & Mick O'Brien
Mary Bergin & Conor Connolly
Johnny Óg Connolly + Liam O’Connor
Róisín Chambers & Maitiú Ó Casaide
Méabh Ní Bheaglaoich & Niamh Varian-Barry
Rónán Ó Snodaigh & Myles O’Reilly
Caoimhe & Séamus Ó Flatharta


Beidh físeáin le feiceáil ar líne gach seachtain den chlár.

Tá an tsraith Cuan an Cheoil maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse.

____________________________________

The brand new series Cuan an Cheoil, a ten-part series presented by Liam Ó Maonlaí and produced by Stiúideo Cuan, starts on Thursday 20 January.

The series will feature ten of the country’s best-known musicians, who will join Liam Ó Maonlaí to play and to talk about various aspects of music and life.