Beidh An Cosán Draíochta le Johnny Óg Connolly, an chéad léiriú oifigiúil ó Stiúideo Cuan sa Spidéal, agus clár faisnéise faoi Ógie Ó Dufaigh, Ógie, i measc na gcláracha a bheas le cloisteáil i sceideal na Nollag ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbliana. Beidh dhá chlár ag Helen Ní Shé dúinn Ó Chorca Dhuibhne go Cill Bhríde agus Mo Ghrása thall na Déise. Beidh clár faoi Cholmcille, Colmcille: Cosantóir na mBan, agus clár faoi fhear óg as Conamara a throid sa Chrimea, Ó Chonamara go Crimea. Pléifear filí Innti agus an tionchar a bhí acu ar litríocht na Gaeilge sa chlár Innti – Iris agus Ardán a linne.

Tá an liosta iomlán cláracha le fáil thíos agus nasc leis an leathanach idirlín, áit a mbeidh daoine in ann éisteacht siar leis na cláracha nuair atá siad craolta.

____________________________________________________

Oíche Nollag 24/12/2021

Úllaí agus Oráistí don Nollaig 5.05 pm
Reáchtáil Risteard Mac Aodh seó stáitse carthanachta sa Taibhdhearc aimsir na Nollag roinnt blianta ó shin a raibh fonnadóirí, ceoltóirí, scríbhneoirí agus ealaíontóirí na Gaeltachta páirteach ann. Ócáid álainn, atmaisféarach a bhí i gceist, agus sa chlár seo inniu cloisfidh muid amhráin, ceol agus filíocht a taifeadadh ann. Orthu siúd a cloisfidh muid ar an gclár, beidh Tomás Mac Eoin, Mairéad Ní Fhlatharta, Ciarán Ó Con Cheanainn, Róisín Nic Dhonnchadha, Liam Mac Con Iomaire, Celia Ní Fhártharta, Tess Bn Uí Chonghaile, Pádraig Tom Photch Ó Ceannabháin, agus neart eile.

An atmospheric charity Christmas show recorded live in the national Irish-language theatre An Taibhdhearc, featuring an array of Gaeltacht singers, musicians, writers and spoken word practitioners.

____________________________________________________

Lá Nollag 25/12/2021

An Cosán Draíochta 3 pm
Sa chlár seo inniu cloisfidh muid An Cosán Draíochta, coimisiún nua ceoil de chuid Stiúideo Cuan leis an gceoltóir agus an cumadóir iomráiteach Johnny Óg Connolly, in ómós dá athair, Johnny Phádraic Phíotair. Ba é An Cosán Draíochta an chéad léiriú oifigiúil i Stiúideo Cuan, ionad nua ealaíon & ceoil sa Spidéal, agus bhí sé ar stáitse i mí na Samhna i mbliana. Seo taifead beo den ócáid. Is ceol nua ar fad a bheas le cloisteáil againn ann, curtha i láthair ag scoth na gceoltóirí, ina measc: Johnny Óg Connolly (bosca), Clíodhna Ní Choisdealbha (banjó), Ciara Ní Bhriain (fidil), Pádraig Ó Dubhghaill (giotár), Jim Higgins (cnaguirlisí), Seosamh Ó Neachtain (damhsa) agus an t-amhránaí cumasach Bríd Treasa Ní Ghaoithín. Ba é Darach Mac Con Iomaire an léiritheoir, Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan.

Radio premiere of a brand new musical commission by Johnny Óg Connolly, first performed on stage in Stiúideo Cuan in November


Ceolchoirm na Nollag 5 pm
Taifeadadh an cheolchoirm seo beo i Séipéal Chill Treasa i Ros an Mhíl i mí na Nollag 2018. Bhí scoth an cheoil le cloisteáil ó leithéidí Cór Chois Fharraige, Neansaí Ní Choisdealbha, Tommy Mellett, Liz Kane, agus Luisne Ní Neachtain i measc go leor eile, chomh maith le scéalaíocht agus píosaí cainte ó Mhícheál Mac an Iomaire agus Máirín Mhic Lochlainn. Ba é Briain Terry Mac Donnachadha a bhí ina fhear an tí. Láithriú agus léiriú le hEibhlín de Bhailís.

A Christmas concert recorded live in Cill Treasa Church in Ros an Mhíl in Connemara in December 2018, featuring superbly talented local musicians.


Malairt Poirt le Muireann 7 pm
Beidh eagrán speisialta den chlár ag Muireann Nic Amhlaoibh dúinn anocht, le ceol eaglasta agus córanna domhanda i measc an rogha ceoil a bheas aici.

Muireann Nic Amhlaoibh brings us a very special edition of the programme tonight, featuring choral and ecclesiastical music in her selection of world folk music.


An Ghealach Ghorm 9 pm
Eagrán Nollaigiúil den chlár a bheas ag Áine Hensey dúinn anocht. Caith seal oíche lae Nollag le Jackson Browne, John Prine, Róisín Elsafty Fiona Tyndall, Woodie Guthrie, Joan Baez, Finola Ó Siochrú, Muireann Nic Amhlaoibh, Tommy Sands agus go leor eile.

Áine Hensey closes out the Christmas day broadcasting with a wonderful selection of seasonally-themes folk songs.

____________________________________________________

Lá le Stiofáin 26/12/2021

Órchiste Nollag 10.08 am
Sa chlár seo, cloisfidh muid sleachta ón leabhar nua-fhoilsithe Órchiste Nollag, a chnuasaigh Máirín Uí Shé. Beidh scéalta, carúil, dánta, cín lae, cuimhní cinn agus seanfhocail a bhaineann le tráth beannaithe na Nollag le cloisteáil againn, agus ceol álainn ón bhfidléir Máire Breathnach.

Stories, reflections, carols, and proverbs for the Christmas season, with musical accompaniment from fiddler Máire Breathnach.

Spórt an Lae 1.50 pm
I measc na míreanna ar chlár an lae inniu, cloisfidh muid agallamh le duine de shár-iománaithe ár-linne, John Connolly na Gaillimhe agus An Chaisleáin Ghearr, ag dul siar ar bhóithrín na smaointe le Gearóidín Nic an Iomaire. Bhí John Connolly ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Iomána na hÉireann i 1980, agus bhí sé ar fhoirne iontacha An Chaisleáin Ghearr a bhain sé cinn de chraobhacha contae i nGaillimh idir na blianta 1967 agus 1984, agus ar ndóigh a thug leo Craobh Chlubanna Iomána na hÉireann i 1980 freisin. Ar chlár an lae inniu freisin, cloisfidh muid Micheál Ó Muircheartaigh, Maidhc Ó Méalóid agus Jamie Ó Tuama ag plé na cluichí craoibhe a himríodh idir An Mhí agus Áth Cliath i gCraobh Shinsir Peile Chúige Laighean i 1991, ceithre cinn ar fad, le hAntoine Ó Conghaile. Beidh clúdach ar imeachtaí spóirt an lae againn freisin dár ndóigh!

An interview with hurling legend John Connolly, and a discussion of the Dublin/Meath clashes in the 1991 Leinster Senior Football Championship.


Lá an Dreoilín 8 pm
Clár comhrá agus seanchais, bunaithe ar ábhar cartlainne RTÉ Raidió na Gaeltachta, a dhéanann cur síos ar Lá an Dreoilín, agus na nósanna agus na piseoga a bhain leis an lá fadó. Is é Gearóid Mac Donncha a chuirfidh an clár i láthair.

Wonderful archive material surrounding St Stephen's Day traditions.

____________________________________________________

Dé Luain 27/12/2021

SBB ar Maidin 9 am
Is é SBB a bheas sa chathaoir do chlár na maidine le linn sceideal na Nollag. Beidh agallaimh agus scéalta ón phobal aige dúinn, ceol, craic agus neart duaiseanna deasa.

SBB will be on duty every weekday morning for this programme, keeping things lively over Christmas!

An Saol ó Dheas 12.08 pm
Inniu, cloisfimid eagrán speisialta den Saol ó Dheas a taifeadadh i Séipéal Ghobnatan i gCúil Aodha, le clann Sheáin agus Ruth Ó Riada, Peadar, Eoghan, Ally, Rachel, Sorcha, Cathal agus Liadh. Tá ainm Sheáin Uí Riada in airde mar chumadóir agus mar cheoltóir, ach sa chlár seo beidh a sheachtar clainne i mbun comhrá le Helen Ní Shé faoi Sheán mar athair. Labharfaidh siad faoina n-óige agus a dtógáil, faoina n-oidhreacht, agus faoina saol teaghlaigh. Bhásaigh Seán Ó Riada nuair nach raibh an duine is óige, Liadh, ach ceithre bliana d’aois, agus cailleadh a máthair Ruth sé bliana níos deireanaí.

A very special edition of the programme, featuring an interview with all seven of Seán and Ruth Ó Riada's children about their lives.

Camchuairt an Chonsairtín 1.30 pm
Beidh deis ag éisteoirí an tsraith coirmeacha seo a craoladh den chéad uair sa samhradh a chloisteáil arís le linn sceideal na Nollag. Reáchtáladh na coirmeacha mar chuid d’fhéile fhíorúil Consairtín, le maoiniú ón gComhairle Ealaíon. Inniu, sa chéad chlár, cloisfidh muid Aoife Kelly & Charlie le Brun, agus Sam & Mark Kelly ag coirm a taifeadadh i dTaisce Ceol Dúchais na hÉireann, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath. Is í Áine Hensey a chuirfidh an clár i láthair.

A series of concertina concerts, recorded for the virtual Consairtín festival this year.

Gradam Joe Steve 2 pm
Sa chlár seo, cloisfidh muid na trí dhráma raidió a bhí ar an ngearrliosta do Ghradam Joe Steve 2021, an buaiteoir Rún ina measc. Seo gradam a tionscnaíodh in ómós don aisteoir, scríbhneoir agus drámadóir Joe Steve Ó Neachtain. Is iad na trí dhráma Rún le hEoin Ó Dubhghaill, leis na haisteoirí hEoghan Ó Loideáin, Pól Ó Gríofa, Áine Ní Dhroighneáin agus Marie Bheag Bhreathnach sna príomhpháirteanna; Nuair a scoilt an Scáthán le Seán Ó Dubhchon, leis na haisteoirí Danny McCafferty, Pól Penrose agus Marcus Lamb sna príomhpháirteanna; agus Murmur le Susanne Colleary, leis na haisteoirí Marie Bheag Bhreathnach, Gráinne Bleasdale agus Áine Ní Dhroighneáin sna príomhpháirteanna. Is í Fionnuala Uí Neachtain a chuirfidh an clár i láthair inniu, agus beidh agallaimh ghearra aici idir na drámaí leis na drámadóirí agus iad ag cur síos ar a gcuid saothair. Is iad Fíbín a léirigh na drámaí.

The three radio dramas shortlisted for the Gradam Joe Steve award this year, including the winner.

Ceiliúradh Ceoil RnaG 3 pm
Inniu, cloisfidh muid coirm cheoil mhór á bhí ar siúl in Óstán Lawlors i nDún Garbhán i mí Aibreáin 2016 mar chuid d’Fhéile na Meán Ceilteach. Ba é Pádraig Ó Sé a chuir an choirm i láthair, le scoth na gceoltóirí ar stáitse, ina measc Danú le Nell Ní Chróinín, Cór Fear na nDéise, Nuadán, Clann Uí Mhainnín, John Dwyer agus Neill Byrne.

A concert of excellent traditional and folk music held in Dungarvan featuring Danú, Cór Fear na nDéise, Nuadán and more.

Innti – Iris agus Ardán a linne 5.05 pm
Sa bhliain 1970, tháinig iris nua liteartha ar an bhfód a thug ardán ar leith do ghlúin úr filí a bhí ag freastail ar UCC. Ó cheol Bob Dylan go Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, is iomaí fórsa sóisialta agus cultúrtha a bhí le brath ag an am. Is fiú go mór anois cíoradh a dhéanamh ar an ithir shaibhir as ar eascair Innti féachaint cérbh iad na cúinsí éagsúla a cheadaigh don ghlúin nua filí radacacha seo bláthú. Sa chlár seo labhrann an file iomráiteach Ailbhe Ní Ghearbhuigh le beirt d’fhilí Innti faoin tréimhse spleodrach sin, Nuala Ní Dhomhnaill agus Gabriel Rosenstock, agus pléann scríbhneoirí eile an lorg atá fágtha ag an iris ar litríocht na Gaeilge. Orthu siúd, beidh an scríbhneoir Pádraig Ó Cíobháin, an file Caitríona Ní Chléirchín, Liam Carson, Stiúrthóir na féile Imram agus Darragh Ó Caoimh, file agus mac léinn in UCC a chum dán go speisialta don chlár. Rinneadh an clár seo le maoiniú ó UCC. Is é Tristan Rosenstock léiritheoir an chláir.

An exploration of the radical young poets of the Innti generation in UCC.


Ceol Binn ó na Beanna 7 pm
Beidh clár an-speisialta ag Neansaí Ní Choisdealbha dúinn inniu, ceolchoirm a reáchtáladh in onóir agus in ómós do Johnny Connolly, an ceoltóir iomráiteach mileoidin as Inis Bearacháin. Bhí an cheolchoirm ar siúl in Óstán na Páirce sa Spidéal i mí na Bealtaine 2016 agus bhí cairde ceolmhara Johnny i láthair le cúpla píosa a chasadh ina theannta ar an oíche. Orthu siúd a bhí páirteach bhí, Joe Burke, Máirtín O'Connor, Johnny Óg Connolly, Tommy Mellett, Steve Sweeney, John Carty, Neansaí Ní Choisdealbha, Meaití Jó Shéamuis, Luisne & Aisling Ní Neachtain, Marcus Ó hIarnáin, Emmett Gill, Gay McKeon, Caoimhín Ó Fearghail, Mary Shannon, Angelina Carberry, Caoimhín Ó Sé, Séamus Begley, Liz & Yvonne Kane, Charlie Lennon, Seáinín Phat Mhyla Mac Donnchadha, Colm Gannon, Danny O'Mahony, Don Stiffe, Nan Tom Taimín, Caitríona & Pól Ó Ceannabháin, agus neart eile. Ar an drochuair, bhásaigh Johnny Connolly i mí na Nollag 2019.

A concert celebrating the legendary melodeon player Johnny Connolly from Inis Bearacháin in Connemara.

____________________________________________________

Dé Máirt 28/12/2021

Albert Fry 11 am
D’imigh Albert Fry, duine de Ghaeil mhóra na hÉireann, ar shlí na fírinne i dtús an tsamhraidh, ach d’fhág sé oidhreacht luachmhar againn. Iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, chaith sé a shaol ag teagasc na Gaeilge i gCumann Chluain Ard i mBéal Feirste agus bhí sé lárnach in athbheochan na Gaeilge ó thuaidh. Bhí ceangal mhór aige le Gaeltachtaí na tíre, go háirithe Rann na Feirste i dTír Chonaill. Is beag Gael nach raibh cur amach acu ar a chuid amhrán, agus thaifead sé dhá cheirnín le Gael Linn, Maidin Luain Chincíse agus Thiar i dTír Chonaill. D’imir sé peil do Chontae Aontroma chomh maith. Sa chlár seo, rachaidh Damien Ó Dónaill siar fríd chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta le scéal Albert Fry a insint.

Damien Ó Dónaill looks back at the life and the legacy of Albert Fry.

Mo Ghrása thall na Déise 12.08 pm
Sa chlár seo, labhrann Helen Ní Shé le Séamus agus Seán Mac Craith faoi thoirbhirt na n-amhrán ó ghlúin go glúin. Tá a shaol caite ag bailiú amhrán agus seanchais aige Séamus Mac Craith ó Rinn Ua gCuanach. Fuair sé cuid mhór do na duanta i gceantar Shliabh gCua sna Déise. Tá na hamhráin sin tugtha ar láimh aige dá mhac Seán. Tá Seán Mac Craith aitheanta ar cheann do mháistrí an tsean-nóis sa tír seo. Cloisimid an bheirt acu ag cur na n-amhrán trí chéile ar an gclár seo agus iad ag cíoradh na bhfonn agus an tseanchais a gheibheann leo. Labhrann siad ar amhráin a bhí coiscthe a chanadh ag comórtaisí amhránaíochta, agus ar na slite a bhí aige na filí dul i ngleic leis a gcosc san. 'Ínsint scéil ód’ chroí amach’ atá sa tsean-nós, a deir Séamus Mac Craith, ‘caithfidh tú an t-amhrán a bhraistint le na haon bhlúire dod chorp.’ Níl beirt níos fearr chun san a léiriú go paiteanta ná Séamus agus Seán Mac Craith agus iad cois na tine i dTigh an Cheoil sa Rinn i gcomhluadar Helen Ní Shé.

Father and son Séamus and Seán Mac Craith discuss the sean-nós singing tradition, and the songs, with Helen Ní Shé.

Ó Chonamara go Crimea 5.05 pm
Sa chlár seo, cloisfidh muid faoi fhear óg as Conamara, Pádraig O Gionnáin, a rugadh blianta beaga roimh an drochshaoil, a liostáil sna Connaught Rangers agus a throid sa Chrimea in 1854 agus 1855. Tá cur síos ar an saol i gConamara faoin am sin, ar an drochbhail a d’fhág riail na Breataine ar an réigiún sin agus ar an mbaint mhór ag bhí ag na Connaught Rangers leis an bpobal sin. Tá seanchas mhuintir Uí Ghionnáin, amhráin ón ré sin agus eolas ó na saineolaithe agus na staraithe curtha le chéile le scéal pearsanta, scéal sóisialta áitiúil agus scéal domhanda stairiúil a inseacht do na héisteoirí. Bhí Florence Nightingale agus Leo Tolstoy sa gCrimea freisin agus tá a gcuid litreacha abhaile le chloisteáil sa gclár. Is é Mícheál Ó Gionnáin a chuirfidh an clár i láthair. Léiríodh an clár seo le maoiniú ón Scéim Fís agus Fuaim de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.

The story of a young man from Conamara, Pádraig Ó Gionnáin, who enlisted in the Connaught Rangers and went to fight in the Crimean War in 1854 and 1855.

____________________________________________________

Dé Céadaoin 29/12/2021

Abhainn Chroithlí 11 am
Níos luaithe i mbliana, chaith Damien Ó Dónaill an lá le Donnchadh Ó Baoill, stáraí áitiúil, ag siúl le ciumhais Abhainn Chroithlí agus rinne sé cur síos dó ar mhion-logainmneacha, ar an stair áitiúil, ar an nádúr agus ar an timpeallacht a bhaineann leis an abhainn seo atá ag reáchtáil chun na farraige idir Gaoth Dobhair agus na Rosann. Cuireann siad tús leis an tsiúlóid ag Drioglann Chroithlí agus tig deireadh lena gcuid cainte nuair a bhaineann siad cois na farraige amach.

Damien Ó Dónaill learns about the history, the placenames and the biodiversity as he walks the Abhainn Chroithlí river with a local guide and historian.

An Saol ó Dheas 12.08 pm
Eagrán an-speisialta den Saol ó Dheas a craoladh den chéad uair sa samhradh, a taifeadadh in Araghleann, baile tréigthe ar shleasa Chnoc Bréanainn.Thug Helen Ní Shé agus foireann an chláir faoin gcnoc agus chaith siad tamall an-phléisiúrtha ansin agus iad ag plé scéalta agus stair na háite. I measc na n-aíonna ar an gclár, bhí an ceoltóir Eoin Duignan, an file Micheál Ó Ruairc, Pádraig Ó Muircheartaigh, a tógadh i mbaile eile tréigthe sa cheantar, Máire Uí Mhurchú, a bhfuil an-eolas aici ar an mbaile, Micheál Ó Cinnéide, Liadain Ní Shlataire, Daire Ó hUallacháin, Paddy Ó Fiannachta agus Dónal Ó Muircheartaigh.

A special edition of the programme recorded in an abandoned townland on the slopes of Cnoc Bréanainn, Mount Brandon.

Colmcille: Cosantóir na mBan 2 pm
Rugadh Colm Cille 1,500 bliain ó shin i nGartán, Co. Dhún na nGall agus tá sé ar dhuine de naomhphátrúin na tíre seo. Fear naofa, file, taidhleoir agus deoraí ab ea é, agus sa chlár seo cuireann Áine Ní Bhreisleáin portráid iomlán inár láthair den bhfear eisceachtúil seo a bhfuil clú air ar fud na cruinne.Cloisfidh sí faoi Cholmcille mar chosantóir na mban agus é ag teacht i gcabhair ar an mbantracht. Cloisfear faoin ab a bhí mar chomharba ar Cholmcille ar Oileán Í, Adomnán, agus a chuir an dlí Cáin Adomnáin ar bun sa bhliain 697, dlí a thug cosaint do mhná agus do neamhthrodaithe. Tugtar uaireanta Coinbhinsiún na Ginéive a linne ar an dlí sin. Ar na haíonna a bheidh le cloisteáil beidh an staraí Brian Lacey agus an scéalaí Gearóidín Breathnach.

1,500 years since the birth of Saint Colmcille, Áine Ní Bhreisleáin reflects on the significance of this extraordinary man.



Aistí ón Aer 5.05 pm
Gheobhaidh éisteoirí deis eile an tsraith seo a craoladh den chéad uair sa samhradh a chloisteáil mar chuid de sceideal na Nollag. Is é Marcus Mac Conghail a chuirfidh an tsraith i láthair, ina gcloisfear aistí atá nua-scríofa ag réimse leathan scríbhneoirí ar iliomad ábhar. Inniu, sa chéad chlár, beidh an bhéim ar an stair, beag agus mór. Cloisfear píosaí ón staraí Síobhra Aiken faoi Chogadh na Saoirse, ó Zoya Nic Eibhearáid, mac léinn, faoi Léigear Leningrad, ó Grace Neville, Ollamh Emeritus le Fraincis i UCC, faoi Dhomhnall Ó Conaill, aiste ó Ella Hassett, leabharlannaí i Londain, faoi lásadóirí Áth Cinn, agus aiste ón scoláire agus scríbhneoir Micheál Ó hAodha faoi Chogadh Cathartha na Spáinne.

A series featuring new essays from a wide range of contributors on many different topics. Today, the theme will be history, on a local and a larger scale

Ceol Binn ó na Beanna 7 pm
Anocht ar an gclár, cloisfidh muid oíche bhreá cheoil ó choirm an NYAH a bhí ar siúl i mBaile an Chabháin i mí Lúnasa 2016, nuair a bronnadh an gradam ‘Jig of Life’ ar Darren Breslin, ceoltóir bosca as Co. Fhear Manach. I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil againn, beidh Darren Breslin, Michael Curran, Christopher Maguire, John McCann, Martin Donohoe, Ronan Warnock, The Cavan Bucks agus neart eile.

A concert from the NYAH series in Cavan, with young box Fermanagh box player Darren Breslin, and others.

____________________________________________________

Déardaoin 30/12/2021

Scéal an Phoitín
Sa chlár cartlainne seo, téann Áine Ní Bhreisleáin sa tóir ar scéalta cartlainne faoin stiléireacht agus déantús an phoitín i nDún na nGall san am a chuaigh thart. Bhí cáil ar stiléirí na Rosann agus beidh scéalta ó Ghracie Chonaill Nic Giolla Bhríde agus Donnchadh Chassie Ó Baoill as Rann na Feirste faoin chuimhne a bhí acu ar téadh a rinneadh ar an bhaile. Beidh míreanna aici dúinn le beirt as Gabhla - Éamonn Tharlaigh Ó Duibhir a taifeadadh i 1976 fá stiléireacht ar an oileán agus Paidí Johnny Fhrighil a rinne cur síos cuimsitheach ar an fhoclóir agus ar an phróiseas a bhain le poitín a dhéanamh i 1972. Beidh cúpla amhrán sa chlár fán phoitín agus fá na húdaráis a scrios an stil fosta!

Áine Ní Bhreisleáin brings us archive material about poitín and poitín making in Donegal in years past.

Ó Chorca Dhuibhne go Cill Bhríde 12.08 pm
D’fhág seacht gcinn do theaghlaigh Corca Dhuibhne idir 1956 agus 1957 agus thugadar a n-aghaidh ar Chill Mhantáin. Dúil i ngabháltaisí talún níos fearr agus an fonn a gclann a choimeád ón imirce go dtí na Stáit Aontaithe faoi ndearadh dóibh tabhairt faoin aistear. D’imigh ceithre líon tí ó Pharóiste an Fheirtéaraigh, muintir Laoithe agus muintir Bhudhlaeir ó Ard na Caithne, muintir Shé na nGort nDubh, agus Dan Pheats Ó Catháin agus a líon tí ó Chloithear. D’fhág na Súilleabhánaigh Baile Uí Shé, agus bhog Grífínigh ó Chinn Aird agus muintir Chinnéide ó Abha na Scáil chomh maith. Roinneadh talamh ó Eastáit Thiarna Chill Mhantáin orthu i bParóiste Chill Bhríde láimh leis an Inbhear Mór. Bhí sé deacair aige cuid acu socrú síos agus iad croíbhriste i ndiaidh a ngaolta is a ndaoine muinteartha. Bhí cuid acu nár fhill abhaile riamh. Tá a gclann siúd agus clann a gclainne fós lonnaithe i gCill Mhantáin inniu, agus an chuid is mó díobh ag plé leis an bhfeirmeoireacht. Ach maireann cuimhne orthu ins na bailte a d’fhágadar i gCorca Dhuibhne, agus ar an bhfaoiseamh a thug a n-imeacht do na comharsain nuair a roinneadh a dtalamh orthu. Tugann Helen Ní Shé cuairt ar Chill Bhríde sa chlár seo, agus labhrann sí leo siúd go bhfuil cuimhní geala fós acu ar Chorca Dhuibhne. Faighimid tuiscint chomh maith sa chlár ar an dtionchar a bhí ag an aistriú orthu siúd a d’fhágadar ina ndiaidh.

A programme about the seven families who left Corca Dhuibhne in Co. Kerry between 1956 and 1857 for a new life in parish of Kilbride, Co. Wicklow.


Comhluadar an Oireachtais 3 pm
Is í Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár seo i láthair inniu, agus beidh comhluadar na Gaeltachta idir amhránaithe, ceoltóirí agus damhsóirí ina teannta ar an gclár seo a craoladh mar chuid de cheiliúradh an Oireachtais ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh ceol againn ó Johnny Óg Connolly, Mícheál Darby, Damhnait agus Deithín Ní Fhátharta. Beidh fonnadóirí den scoth i gcomhluadar Neansaí freisin, ina measc beidh Johnny Mháirtín Learaí, Mairéad Ní Oistín, Nan Tom Taimín, Sarah Ghriallais, Michael Frank Ó Confhaola, Máirtín Tom Sheáinín, Odí Ní Chéilleachair, Sorcha Ní Chéilleachair, Caitlín Ní Chualáin agus Máire Ní Choilm.

Neansaí Ní Choisdealbha is joined in studio by musicians, dancer, and singers for a celebration, and a lively discussion, about the Oireachtas festival.

____________________________________________________

Dé hAoine 31/12/2021

Ciúnas i gCeann Dubhrann 11 am
Sa chlár faisnéise seo, scrúdaíonn Damien Ó Dónaill an scéal a bhaineann le druid Scoil Náisiúnta Rann na Feirste i dTír Chonaill caoga bliain ó shin, eachtra a chothaigh scoilt mhór sa phobal ag an am. Dhéanfar scrúdú ar stair na scoile, a bunaíodh in 1869, mar a rinne an rialtas an scoil a dhruid i dtús na seachtóidí, an feachtas a cuireadh ar bun lena hathoscailt, agus mar a d’éirigh leo é sin a bhaint amach sa bhliain 1972. Labharfaidh Damien Ó Dónaill le hiar-scolairí, le príomhoide reatha na scoile, Pól Ó Ruiséil agus cloisfidh muid míreanna luachmhara ó chartlann RTÉ agus Raidió na Gaeltachta le cuid de na daoine a bhí lárnach san fheachtas leis an scoil a fháil oscailte arís i 1972. Láithriú agus léiriú le Damien Ó Dónaill.

Damien Ó Dónaill examines the history of Rann na Feirste National School in northwest Donegal, which was closed by the government fifty years ago

Súil Siar 2021 ar RnaG 2 pm
Súil siar ar bhuaicphointí craolta RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn 2021. Beidh idir trom agus éadrom sa chlár seo, ó chúrsaí nuachta agus sláinte i mbliain na paindéime agus na scéalta daonna a d'eascair astu, agallaimh, ceol agus neart eile. I measc na míreanna, beidh cur síos lom ionraic ó Chaitríona Budhlaeir ar bhás a hathar i dteach altranais de dheasca COVID19, agallamh le hAoife Nic Mhánais, Gaeilgeoir a labhair leis an stáisiún ó Kabul na hAfganastáine agus an Taliban ag teannadh leis an gcathair, agus cur síos a rinne Paula agus Margaret Martin ar an mbealach go ndearna an sagart Con Cunningam mí-úsáid gnéis orthu ina n-óige. Is é Marcus Mac Conghail a chuirfidh an clár i láthair.

Marcus Mac Conghail brings us the broadcasting highlights of 2021.


Slán le 2021 10 pm
Beidh Jó Ní Chéide agus Séamus Ó Scanláin sa chathaoir don chlár seo, agus muid ag fágáil slán le 2021 agus ag cur fáilte roimh an bhliain nua. Beidh ceol agus craic acu dúinn go dtí théis an mheánoíche.

Jó Ní Chéide and Séamus Ó Scanláin will help us see out 2021 and welcome 2022 in this programme tonight bringing us chat, music and great company.



____________________________________________________

Dé Sathairn 1/1/2022

Spórt an tSathairn 2 pm
Ar na míreanna a bheas le cloisteáil i gclár an lae inniu, beidh ceathrar a bhain Craobh Peile na hÉireann le Dún na nGall i 1992 - Anthony Molloy, James McHugh, John Joe Doherty agus Sylvester Maguire – i mbun comhrá le Gearóidín Nic an Iomaire faoin bhliain dhraíochtúil sin. Chomh maith leis sin, beidh réalt camógaíochta Shleacht Néill agus Dhoire, Aoife Ní Chaiside, ag dul siar ar bhóithrín na smaointe agus í ag díriú ach go háirithe ar an bhliain a bhain Sleacht Néill a gcéad Chraobh Camógaíochta Uile Éireann.

An interview with members of the Donegal 1992 All-Ireland winning team, and Sleacht Néill camogie star Aoife Ní Chaiside.

Blas: Domhnach na Fola 6.30 pm
Ar an 21 Samhain 1920 dúnmharaíodh 14 duine i bPáirc an Chrócaigh. Sa chlár seo,
tugann Conall Ó Máirtín cuairt ar Pháirc an Chrócaigh chun oidhreacht agus tionchar an lae sin ar Chumann Lúthchleas Gael a mheas. Sa chlár, labhrann sé le Jamie Ó Tuama, Oifigeach Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, agus le Dónal Mac an Ailín, staraí Chumann Lúthchleas Gael, agus tugann sé cuairt ar Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Examining the legacy of Bloody Sunday, 21 November 1920.


____________________________________________________

Dé Domhnaigh 2/1/2022

Spórt an Lae 2 pm
Ar na míreanna a bheas le cloisteáil ar an gclár inniu, beidh Seán O’Gorman, Liam Mac an Mhaoir agus Micheál Ó Criodáin ag plé an bhliain iontach a bhí ag CLG Chorcaí i 1990 le hAntoine Ó Conghaile – b’shin an uair dheireanach a bhuaigh contae amháin Corn Sam Mhic Uidhir agus Corn Liam Mhic Cárthaigh sa bhliain chéanna. Beidh agallamh le cloisteáil inniu freisin le Micí Ned Ó Súilleabháin, iar-pheileadóir agus iar-bhainisteoir fhoireann peile Chiarraí. Déanfaidh sé cur síos do Phaddy Ó Gríofa ar a chuid laethanta imeartha le foirne peile na Ríochta agus an Neidín, agus na tréimhsí a chaith sé i mbun bainistíochta le foirne Sinsir agus Mionúir Chiarraí, chomh maith le foireann Sinsir Luimnigh, agus neart eile.

Cork's glorious GAA year of 1990, and an interview with Mickey Ned O’Sullivan.

____________________________________________________

Dé Luain 3/1/2022

Ógie 11 am
Maraíodh laoch óg peile Mhuineacháin Ógie Ó Dufaigh go tragóideach i dtimpiste cairr i mí Iúil 2021, uaireanta an chloig i ndiaidh dó a chomrádaithe ar fhoireann peile faoi 20 na contae a stiúradh isteach i gCraobh Uladh. Sa chlár seo inniu labhrann Michelle Nic Grianna le Brendan Ó Dufaigh faoina mhac. Labhrann sé faoi mar a fuair siad an drochscéal, agus mar ab éigean dó é a inse dá iníon sa bhaile, agus dá bhean Esther, a bhí thall i Medjugorje ag an am. Labhrann sé faoi thionchar bhás Ógie ar an teaghlach, agus ar phobal an CLG agus Mhuineacháin, a thug cuidiú agus tacaíocht as cuimse do mhuintir Uí Dhufaigh. Míníonn sé mar a chuir sé féin agus a bhean aithne eile ar a mac de bharr na scéalta a chuala siad faoi i ndiaidh a bháis, a chineáltas, a cheannaireacht ar an pháirc peile, agus a thacaíocht do dhaoine eile. Seo scéal Ógie, a shaol agus a bhás tragóideach.

The life and death of young Monaghan footballer Ógie Ó Dufaigh who died tragically in a car crash in July 2021.

An Tolg Liteartha 2 pm
Beidh deis eile an clár seo, a craoladh den chéad uair mar chuid d’Fhéile an Oireachtais 2021, a chloisteáil arís inniu. Is é Tristan Rosenstock a chuirfidh an clár i láthair, agus ina chomhluadar beidh an scoláire liteartha agus léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, an Dr Liam Mac Amhlaigh, agus an triúr scríbhneoirí a bhuaigh mórghradaim liteartha na Gaeilge ag féile an Oireachtais 2021 – Bridget Bhreathnach, Gabriel Rosenstock agus Noel Ó Gallchóir. Thug Bridget léi Gradam Réics Carló don leabhar Cluasa Capaill ar an Rí, thug Gabriel leis Gradam de Bhaldraithe don saothar Taisce Raga Rua, agus thug Noel Ó Gallchóir leis Gradam Uí Shúilleabháin don leabhar Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981. Seo taifead ó ócáid fhíorúil a reáchtáil Ollscoil Mhá Nuad agus Leabharlanna Chill Dara i bpáirt le hOireachtas na Gaeilge agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tristan Rosenstock interviews the big winners of the Oireachtas literary prizes 2021.

____________________________________________________

Dé Máirt 4/1/2022

Seal sna Cruacha 11 am
Sa chlár seo, tá cur síos ag Áine Ní Bhreisleáin dúinn ar an sórt saoil a bhí i gceantar na gCruacha Gorma sna blianta siar, gleann fairsing i nGaeltacht Láir Thír Chonaill taobh amuigh de bhaile na nGleanntach. Bhí an ceantar seo aitheanta ag scoláirí móra na Gaeilge agus an bhéaloidis as an saibhrea scéalaíochta, amhránaíochta agus ceoil a bhí ag an phobal ann. Tá an ceantar seo bánaithe anois, ach beidh deis ag na héisteoirí scoth na gcainteoirí a mhair sna Cruacha, a theagasc agus a d'oibir ann, a chluinstin sa chlár seo inniu, ina measc Máire Ní Cheallaigh, Seosamh Mac Giobúin, Joe Beag 'Ac a Luain, Paidí 'Ac a Luain agus na bailitheoirí béaloidis Caoimhín ó Danachair agus Séan Ó hEochaidh, a chruinnigh go leor de sheanchas an cheantair, ceol Mhicí Simey Doherty ina measc. Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuirfidh an clár i láthair.

Life in the Gaeltacht area of Na Cruacha, the Bluestack Mountains in Donegal, in years past.


Ag saothrú na Feamainne 2 pm
Tá athrú mór millteach tagtha ar bhaint feamainne le blianta beaga anuas, agus sa chlár seo déanann Treasa Bhreathnach scrúdú ar na hathruithe sin uilig, agus ar thionscal na feamainne sa lá atá inniu ann. Labhrann sí leis an eolaí Iarfhlaith Ó Conalláin ó Cartron Point Shellfish i gContae an Chláir. Labhrann Murchadh Ó Cuanaí, bainteoir feamainne, le Treasa ar an gclár freisin faoin earnáil mar atá sí faoi láthair agus roinnt de na dúshláin atá ann do bhainteoirí feamainne, agus beidh agallamh le Pádraic Mac Diarmada, bainisteoir Ionad na Feamainne i Leitir Mealláin, The Seaweed Centre.

Treasa Bhreathnach examines the seaweed harvesting industry in Ireland.


Ceol Binn ó na Beanna 7 pm
Anocht ar an gclár beidh ceolchoirm ag Neansaí Ní Choisdealbha dúinn ón bhféile Ceardlann Earraigh 2019 i gCill Droichid, Co. Chill Dara. Ar chuid de na ceoltóirí a bheidh le cloisteáil againn, beidh James Harvey, Ryan Molloy, Pádraig Rynne, Tara Breen, Liam O’Connor, Pádraig Mc Govern, Conal Ó Grada, Colm Murphy, Daithí Gormley agus Dave Sheridan.

A concert from the Ceardlann Earraigh festival 2019 in Celbridge, Co. Kildare.

____________________________________________________

Dé Céadaoin 5/1/2022

Ceol Binn ó na Beanna 7 pm
Anocht ar an gclár, cloisfimid ceolchoirm a bhí ar siúl i dTeach Cecil Sharpe i Camden Town i Londain sa bhliain 2016 i gcuimhne ar an mboscadóir Raymond Roland a bhí 30 bliain básaithe ag an am sin. I measc na gceoltóirí a bhí páirteach sa choirm, bhí an grúpa Le Chéile a bhunaigh Raymond féin sna seachtóidí, a iníon Annette Roland, Des O’Halloran, John Carty agus a iníon Maggie, John Bowe, Conor McCarthy, Ann Droney Kirrane, Seáinín McDonagh agus Johnny O’Halloran. Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár i láthair.

A concert recorded live in London, remembering the great box player Raymond Roland.