I mí na Nollag 1971, caoga bliain ó shin i mbliana, d'eisigh Gael Linn an t-albam Skara Brae agus craolfar eagrán speisialta den chlár Barrscéalta Dé hAoine 17 Nollaig chun an ócáid sin a cheiliúradh.

Tógadh muintir Uí Dhomhnaill – Maighreád, Tríona agus Mícheál - i gCo. na Mí, ach chaith siad an-chuid ama i gceantar dúchais a n-athar i Rann na Feirste. Bhí siad ar maos sa traidisiún ansin, agus thit siad i ngrá leis an gceol agus leis na hamhráin a d’fhoghlaim siad óna muintir, go háirithe a n-aintín Neilí. Ba ansin freisin a chuir siad aithne ar Dháithí Sproule as Doire agus é ag freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta. Bhunaigh siad an grúpa Skara Brae le chéile agus thaifead siad an t-albam eisceachtúil den ainm céanna sa bhliain 1971.

Cé nár thaifead Skara Brae ach an t-aon albam amháin sin le chéile, bhí sé eisiach amach is amach. Bhí an grúpa óg – ní raibh siad ach sna déaga, ó 15 bliain go 20 nó mar sin, agus bhí siad faoi anáil cheoltóirí móra an lae sin – leithéidí The Beatles, Joni Mitchell agus Pentangle, mar shampla. Ba rud nua agus nuálach a rinne siad leis na hamhráin ar an albam, le tionlacan giotáir agus comhcheol álainn, agus bhí ráchairt mhór air ag an am agus go deimhin tá tóir air fós go dtí an lá atá inniu ann. Síltear go bhfuil suas le 10,000 cóip den albam díolta in iomláine go dtí seo.

Sa chlár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar 17 Nollaig ag 11 am, beidh Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill, Dáithí Sproule, agus Jim McCloskey, a chas leo ar feadh tamaill freisin, ag dul siar ar bhóithrín na smaointe faoi thaifead an albaim agus faoin méid a tharla sna blianta ó shin, agus cloisfidh muid freisin ó Antoine Ó Coileáin, Príomfheidhmeannach Gael Linn, ar an gclár.

Beidh tú in ann éisteacht siar leis an gclár anseo

________________________________________________________

The album Skara Brae was released fifty years ago this month, in December 1971, and on Friday 17 December Barrscéalta will mark the occasion with a special programme about that seminal album with members of the group in studio.

Michelle Nic Grianna will be joined by sister Maighréad and Tríona Ní Dhomhnaill, by Dáithí Sproule on the line from the US, by Jim McCloskey who also played with the band, and by Antoine Ó Coileáin, CEO of the Gael Linn music label, to discuss that ground-breaking album, and all that has happened since.