Tá folúntas do Reachtaire Rúnaíochta (Grád 2) againn i gCasla i gCo. na Gaillimhe faoi láthair. Oibríonn an Reachtaire Rúnaíochta i bpáirt leis na meithealacha theicniúla, léiriúcháin agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.
I measc na ndualgas a bheidh ar an Reachtaire Rúnaíochta áirítear iad seo a leanas:
- Tacaíocht a thabhairt do na meithealacha theicniúla, léiriúcháin agus bainistíochta
- Glaonna, ríomhphoist agus fiosraithe ón bhfoireann agus ón bpobal a láimhseáil
- Tacaíocht léirithe a thabhairt sa stiúideo agus ar chraolta seachtracha nuair a bheidh clár beo nó réamhthaifeadta le déanamh. Fáilte a chur roimh aíonna a bheidh ar na cláracha sin
- Páipéarachas, íocaíochtaí, duaiseanna, sonraí ceoil, oird reatha, cartlannaíocht agus aon riarachán eile a bhaineann le cláir a phróiseáil
Tá muid ag lorg duine le:
- Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt
- Taithí ar obair oifige agus atá go maith ag obair as a stuaim féin agus mar chuid d'fhoireann a chomhoibríonn lena chéile
- Scileanna ríomhaireachta
- Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth
- Suim agus eolas faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal
Beidh solúbthacht agus uaireanta neamhrialta i gceist, an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh taisteal i gceist ó am go chéile ag brath ar dhualgais oibre. Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse.
Conradh páirt-aimseartha (3 lá in aghaidh na seachtaine) ar bhonn leanúnach mar Reachtaire Rúnaíochta Grád 2 atá á thairiscint. Scála páigh ó €24,762 - €34,333 (suimeanna ar uaireanta lán-aimseartha) a bhaineann leis an bpost.
Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh. Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas ná Dé Céadaoin, an 8 Nollaig 2021, ag a 5i.n.