Tá sé fógartha inniu, Dé hAoine 11 Samhain, ag Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil Gradam Saoil le bronnadh ar Sheán Bán Breathnach, nó SBB mar is fearr aithne air, mar chuid de Ghradaim McNamee 2020.

Rinne Uachtarán CLG Larry McCarthy comhghairdeas leis na buaiteoirí uilig, agus luaigh sé go háirithe SBB agus an t-aitheantas atá ag dul dó as a thiomantas do chúrsaí iriseoireachta CLG ar feadh a shaoil. Ghabh sé buíochas le SBB thar ceann Chumann Lúthchleas Gael.

Mar gheall ar chúrsaí sláinte poiblí, tá searmanas bronnta na ngradam curtha ar athló go fóill.

Seo a dúradh faoi SBB:

Bhí Seán Bán Breathnach i gcroílár go leor den chraoladh spóirt a rinne Raidió na Gaeltachta le beagnach 50 bliain anuas.

I dtús na seachtóidí, d'fhill an 'fear bán’ abhaile as Sasana nuair a fuair sé beagán oibre ó Raidió RTÉ ag cur clár pop-cheoil i láthair trí mheán na Gaeilge, ach le teacht Raidió na Gaeltachta i 1972, d’fhill sé ar Chonamara.

Agus an eagraíocht sin ag leagan agus ag cur leis an gcraoladh spóirt a bhí uaithi dá lucht éisteachta, bhí Seán lárnach i dtráchtaireachtaí spóirt ar chluichí idir-chontae Chumann Lúthchleas Gael.

Ní raibh na raidióanna áitiúla ar an saol ag an am sin, agus ba é Raidió na Gaeltachta a thug faoin gcraoladh ar chluichí na gclubanna – rud nár déanadh riamh roimhe. Bhí Domhnach stairiúil faoi leith le linn an fhómhair le linn na n-ochtóidí nuair a chraoladar cluichí ceannais as cúig chontae faoi leith.

A chuid tráchtaireachta ba mhó a thuill clú do Sheán, ach bhí sé sáite freisin i gcláracha irise agus i sraitheanna leis na laochra móra as an am atá caite.

Tá dlúthbhaint aige le craoladh Chomórtais Peile na Gaeltachta le breis agus 40 bliain.

Thug teacht TnaG/TG4 breis deiseanna ina bhealach, ach is dóigh liom go n-admhódh sé féin gur sa raidió atá a chroí.

Tréaslaímid a ghradam le SBB, tá sé tuillte go maith aige, agus gura fada buan é.