Bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021 ag ócáid speisialta i dTeach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce Dé Máirt 26 Deireadh Fómhair, agus bronnadh Sraith Raidió na Bliana ar an gclár Barrscéalta, agus an gradam do Chraoltóir Solabhartha na Bliana ar Ghormfhlaith Ní Thuairisg.

Bronnadh Buaic Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Phóilín Ní Chiaráin, Comhfhreagraí Thuaisceart Éireann ar RTÉ RnaG, as a cuid blianta fada ag treabhadh ghort na hiriseoireachta. Tá an-aithne agus ardmheas ar Phóilín Ní Chiaráin mar chomhfhreagraí polaitiúil Thuaisceart Éireann ar na meáin chumarsáide chlóite, chraolta agus ar líne le blianta fada.

Is é Príomh-Aoire an Rialtais & Aire Stáit don Ghaeltacht agus Spórt, Jack Chambers T. D. a bhronn na gradaim ar na buaiteoirí.

Ghlac Áine Ní Bhreisleáin leis an ngradam thar ceann fhoireann Bharrscéalta.