Cé nach mbeidh muid bailithe le chéile d'fhéile an Oireachtais i mbliana, beidh neart cláracha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 25 go dtí 31 Deireadh Fómhair chun seachtain an Oireachtais a cheiliúradh.

Reáchtáladh Oireachtas na Samhna i nGaoth Dobhair sa bhliain 1996, agus cloisfidh muid blaiseadh den ócáid sin in eagrán speisialta de Bharrscéalta le Damien Ó Dónaill, Dé Luain 25 Deireadh Fómhair ag 11 am. I measc na ndaoine a bheas le cloisteáil againn sa chlár, beidh Gearóidín Breathnach, a bhain Corn Uí Riada i 1996, píosa grinn le Máirtín Tom Sheáinín agus Tomás Mac Eoin, agus Cití Eoghain Éamoinn ag caint faoina deirfiúr Annie. Bronnadh Corn Annie Eoghain Éamoinn den chéad uair i 1996 ina cuimhne.

Ag 5 pm an Luan sin, craolfar An Tolg Liteartha, comhrá idir Tristan Rosenstock, agus an triúr scríbhneoirí a bhuaigh mórghradaim liteartha na Gaeilge ag féile an Oireachtais i mbliana – Bridget Bhreathnach, Gabriel Rosenstock agus Noel Ó Gallchóir, agus an scoláire liteartha agus léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, an Dr Liam Mac Amhlaigh. Thug Bridget léi Gradam Réics Carló don leabhar Cluasa Capaill ar an Rí, thug Gabriel leis Gradam de Bhaldraithe don saothar Taisce Raga Rua, agus thug Noel Ó Gallchóir leis Gradam Uí Shúilleabháin don leabhar Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981.


Ar an gclár Gabh i leith, Cogar Dé Céadaoin 27 Deireadh Fómhair ag 2.05 pm, beidh iar-stiúrthóir an Oireachtais Liam Ó Maoladha faoi agallamh ag Maidhc Ó Féinneadha.

Ansin Déardaoin ag 7 pm, beidh comhluadar na Gaeltachta bailithe le chéile ag Neansaí Ní Choisdealbha, idir amhránaithe, ceoltóirí agus damhsóirí, don chlár Comhluadar an Oireachtais ag 7 pm.


Beidh eagrán speisialta den chlár Bladhaire ann Dé hAoine ag 3 pm, beo ó Seanscoil Sailearna i gCois Fharraige - ceiliúradh ar cheol, craic agus ar chultúr na nGael a bhíonn againn go hiondúil ag an Oireachtas, agus is í Áine Ní Bhreisleáin a bheas ar an stiúir.

Dé Sathairn, craolfar Coirmcheoil in ómós don Riadach beo ó Shéipéal Chúil Aodha mar chuid de chlár imeachtaí an Oireachtais, agus beidh an choirm le cloisteáil beo ar RTÉ RnaG. Is iad Síle Uí Chróinín agus Máire Uí Laoire a chuirfidh an ócáid i láthair, agus beidh amhránaithe, ceoltóirí, agallamh beirte, agus neart eile ar chlár na hócáide. I measc na n-aíonna, beidh Cór Chúil Aodha agus Seán Ó Sé; Máire Ní Chéileachair; Máire Ní Choilm; Dara Curtin agus Gearóid Ó Duinnín; Éamonn Ó Donnchadha; Conchubhar Ó Luasa; Fionnuala Donlon; Seán Ó Muineacháin agus Seosamh Ó Críodáin; Colm Broderick; Mairéad Uí Lionáird; agus Treasa Ní Mhiolláin.

Dé Domhnaigh, craolfar aifreann an Oireachtais beo ó Shéipéal Ghobnatan i gCúil Aodha ag 11 am.

Sin ceiliúradh ar Oireachtas 2021 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.