Tá sé fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, Dé Máirt 12 Deireadh Fómhair, go bhfuil Caitlín Ní Chualáin ceaptha ina hEagarthóir Stiúrtha Clár ag an tseirbhís.

Is as baile an Tí Mhóir in Indreabhán i gceantar Chois Fharraige í Caitlín Ní Chualáin. Tá tríocha bliain caite aici ag obair sna meáin chumarsáide. D'oibrigh sí le réimse leathan comhlachtaí léirithe teilifíse i dtús ama, sular thosaigh sí ag obair mar Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1999. D’oibrigh sí i rannóga éagsúla na seirbhíse, ach is sa rannóg nuachta is mó a chaith sí a cuid ama mar chraoltóir agus mar léiritheoir ar Nuacht a hAon agus Adhmhaidin. Is í Caitlín freisin a bhíodh i mbun léirithe ar mhórchraoltaí nuachta na seirbhíse go minic, idir chláracha toghchánaíochta agus cáinaisnéise, agus reifrinn.

Tá aithne ar Chaitlín Ní Chualáin de bharr a cuid amhránaíochta ar an sean nós a thug sí léi óna hathair Máirtín Pheaits Ó Cualáin, agus tá an-suim aici freisin sna healaíona traidisiúnta. Bhain sí amach duaiseanna i gComórtas Sean Nós na mBan ag Oireachtas na Samhna faoi thrí, sular thug sí léi Corn Uí Riada i 2016 agus tá duaiseanna bainte amach aici i gcomórtais agallaimh beirte na féile freisin. Ceapadh Caitlín mar amhránaí Sean Nóis Cónaitheach ar Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i 2019.

Chomh maith lena suim san amhránaíocht, bíonn Caitlín páirteach i léirithe amharclannaíochta freisin, tá obair aistriúcháin déanta aici leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar Chonnacht, agus tá a glór le cloisteáil ar dhlúthdhioscaí éagsúla do ghasúir atá foilsithe ag an gcomhlacht Futa Fata.

Rachaidh Caitlín Ní Chualáin i mbun oibre mar Eagarthóir Stiúrtha Clár an mhí seo chugainn.