Tá Cáinaisnéis 2022 le fógairt Dé Máirt 12 Deireadh Fómhair, agus beidh clúdach cuimsitheach le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ar an gclár Lá na Cáinaisnéise ó 1.30 pm, déanfaidh Gormfhlaith Ní Thuairisg agus painéal saineolaithe an cháinaisnéis a chíoradh go mion. I measc na n-aíonna, beidh an Comhairleoir Cánach Ciarán Ó Feinneadha, an saineolaí airgeadais Conall Ó Móráin, Mairéad Uí Dhomhnaill, saineolaí ar chúrsaí leasa shóisialaigh, agus an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin. Beidh Máirín Ní Ghadhra ag coinneáil eolais leis an bpainéal freisin faoi óráid an Aire, agus an dearcadh atá á léiriú ag an bpobal i leith an méid atá fógartha. Déanfaidh an painéal plé ar na cinnithe atá déanta ag an rialtas, na fáthanna a bhaineann leo, agus na himpleachtaí don phobal agus d'earnáil éagsúla. Cloisfidh muid ó pholaiteoirí ó na páirtithe éagsúla faoina ndearcadh siúd ar an méid atá fógartha chomh maith.

Leanfar leis an bplé ar an gclár Tús Áite ag 5 pm le Fachtna Ó Drisceoil, áit a mbeidh an Comhairleoir Neamhspleách Deirdre Donnelly, Ciarán Mac an Bhaird, Ceann Scoile Fiontar agus Scoil na Gaeilge i DCU, agus Eoin Ó Catháin, Tuairisceoir Polaitíochta RTE RnaG, i mbun anailíse ar an gcáinaisnéis, agus cloisfidh muid tuairimí ó réimse ionadaithe poiblí ar na ceisteanna móra freisin.

Maidin Dé Céadaoin ar Iris Aniar ag 9.15 am, beidh Dara Ó Maoildhia ó Chomharchumann Fuinnimh Árann, an saineolaí cánach Deirdre Ní Mhaoláin agus an saineolaí ar chúrsaí leasa shóisialaigh Mairéad Uí Dhomhnaill, ar an bpainéal chun cinnithe an rialtais a fógraíodh Dé Máirt a phléigh. Beidh plé freisin ar Bharrscéalta agus ar An Saol ó Dheas ar na hábhair imní agus na húdair dóchais is mó ón gCáinaisnéis do na tionscail agus na pobail sna ceantair Ghaeltachta ó thuaidh agus ó dheas.

Is féidir éisteacht leis an gclúdach beo, nó éisteacht siar leis i ndiaidh a chraolta, ag www.rte.ie/rnag.